Monday 6 April 2015

Cáisc ar na céanna, 2015

'A Different Kettle of Fish Altogether'

Luaigh mé Mannix Flynn cheana, sa taispeántas 'Forsaken'. Seo anois arís é ag léiriú meon na ndaoine trína ghníomhaíochtaí féin. Sa chás seo, Cáisc 1916 atá i gceist.

Ag baint úsáide as a theach cónaithe féin ar na céanna, 'A Different Kettle of Fish Altogether', tá portráidí de dhaoine a throid i rith 1916 ar na fuinneoga aige.

An chéad urlár (deas/clé): James Connolly (sa leath taobh thíos den fhuinneog) Mary Ellen Spring Rice (taobh thuas); Pádraig Mac Piarais (sa leath taobh thíos den fhuinneog), Kate O Callaghan (taobh thuas), 
An dara hurlár(deas/clé): Thomas Clarke (sa leath taobh thíos den fhuinneog) Helena Moloney (taobh thuas); Countess Markievicz (sa leath taobh thíos den fhuinneog); Margaret Skinneder (taobh thuas). 
An tríú hurlár (deas/clé): Robert Emmet, Wolfe Tone, Ned Daly, Kevin Barry



2006

Tagann na portráidí ó thaispeántas a rinne Mannix Flynn sa bhliain 2006 i Sráid Pairliminte, Sráid an Dáma  agus Cnoc Chorcaí i mBaile Átha Cliath. Tá lá eile ag an bPaorach, bhFloinneach, is cosúil. Inniu. Tá sé i ndiaidh roinnt de na portráidí ón taispeántas sin a chrochadh ar fhuinneoga a thí féin ar chéanna Átha Cliath

Má bhíonn tú thíos i rith na seachtaine, seans go mbeidh athrú ar na pearsain atá in airde ar na fuinneoga. Tá go leor acu ann leis na fuinneoga a líonadh roinnt uaireanta, ar ndóigh.

Ellen Cahill

Seó saor in aisce cultúrtha agus ealaíonta don chlann thar laethe saoire na Cásca atá ann. Agus ós rud é go bhfuil Midland Lar-Tire trasna an bhóthair ar an taobh eile den Life, sin an mhaidin nó an tráthnóna ar fad caite acu gan pingin a chaitheamh.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.