Friday, 3 July 2015

Diabhlaíocht agus Déithiúlacht

https://www.cic.ie/books/published-books/diabhlaiocht-de
Tá mé cinnte fá rud amháin. Ní bheidh teacht ar an leabhar seo go furast i gclochair na tíre seo. Nó má tá, is i bhfolach agus faoi cheilt ag clúdach páipéar donn a bheas sé, saor ó dhearcanna na mban rialta agus a n-oifigeach. I measc na leabhar bitheolaíochta, seans.

Mar is bitheolaíocht atá ann. Bitheolaíocht na ndéithe, na ndaoine agus na n-ainmhithe uilig go léir  atá meascaithe i meanglam mearaí cumadóireachta, iad uilig go léir ag comhrá lena chéile agus ag comhrac lena chéile. Tá imeartas ann sna focail agus sna coirp, sa ghnéas agus sa ghnéasúlacht.

Cuirfidh lucht an bhéaloidis suim sna scéalta mar is scéalta iad a cumadh sa mhullach ar mhiotais agus ar thraidisiún béil an domhain chláir ar fad. Cuirfidh diagairí spéis iontu mar a bheadh puzail ann, ag iarraidh na foinsí as a n-eascraíonn siad a aimsiú. Cuirfidh déagóirí spéis as cuimse iontu as baill agus fuincsin a aimniú os ard agus go hoscailte. Ar nós 'Treas Rúndiamhair na bhFear', tá friotal an ghnéis i bhfolach faoi chlóca beannaithe sa tír seo, an rud nach n-ainmneofar. Tá an scéal meafarach seo bunaithe ar an rúndacht sin. Tá oscailteacht agus dánaíocht agus is-cuma-sa-tsiocaíocht sna scéalta seo a shéanann an clóca sin. Sa scéal céanna, shíl mé gur bhraith mé macallaí Titleyacha i nguth an Ard-Uachtaráin, ach seans go raibh me meallta...

Is faoi dhéithe agus faoi dhiabhail cuid mhaith de na scéalta seo, ach ní déithe ar an mhúnla Críostaí iad, i bhfad ar shiúl agus Nua-Bhíoblacha le grá. No, sirree. Seo déithe garbha, cantalacha, leisciúlacha. Seo déithe Gréagacha, Lochlannacha, oirthearacha, iartharacha. Tá mioscais sna déithe seo, agus tréithe daonna eile idir mhaith agus olc. Tá clann agus pobal agus tithe agus seomraí atá ró-lán ag na déithe seo, Bíonn mianta diúltacha agus deimhnitheacha acu, bíonn fuil mhíosta acu, buailtear bobanna orthu agus bíonn fearg orthu dá réir. Is déithe den tseandéanamh iad, ar nós na ndaoine maithe. Bíodh eagla orainn rompu!

Tá roinnt scéalta bunaithe ar na soiscéil ann. Ní ligfidh na mná rialta agus a n-oifigigh do na píosaí siúd theacht isteach san fhoirgneamh. Ar na cinn seo tá Lazarus, i ndiaidh dó aiséirí, fear le 'hathshaol nach saol é'. Tá an scéal seo ar cheann de na scéalta is dorcha agus is rúndiamhraí sa chnuasach, agus tuigimid go bhfuil rudaí ceilte orainn ar shaol Lazarus agus a chomrádaí Íosa ina n-óige a ghríosaigh Íosa chun pianbhreith an tsaoil a dhaoradh ar Lazarus.

Cuirtear cor nua i scéalta na maighdine mara dúinn, fosta, in 'An Mac Mara'. Arís ar ais, tig an domhan osnádúrtha agus an domhan daonna le chéile anseo agus ní go ró-mhaith a réitíonn siad. Tá móitíf laige nó donas dhaoine daonna ag rith trí na scéalta seo ar fad, i gcomparáid le h-uaisleacht ainmhithe agus le fibíneacht na ndéithe agus na ndiabhal, mar shampla, sna chéad trí scéal - 'In ainm Dé', 'Diabhlaíocht Dé' agus 'Bricfeasta Mada'. Amhail is nár oir an éabhlóid dhaonna do na déithe nó gur chuir an cúram a chruthaigh siad féin -muide -  isteach ar a slí mhaireachtála, tá teannas agus achrann idir dhéithe iad féin le feiceáil, agus a gcumhacht  thar na créatúir laga, leochaileacha, lochtacha seo thíos futhu.

Nóta beag deiridh mar gheall ar an obair ealaíne le Seán Ó Flaithearta - chomh rúndiamhrach agus diabhlaíoch leis na scéalta iad féin.

Saothar a bheas á chíoradh agus á chardáil go cionn tamaill. Ach chan sa chlochar ná sa chlabhstra, cuirim geall.











No comments:

Post a Comment