Saturday 12 September 2015

Glantachán fómhair


Tá an múinteoir ealaíne sa teaghlach ag gabháil a thógáil an nead seo a d'aimsigh mé nuair a bhí mé ag gearradh siar an duilliúr i gcúl an tí níba luaithe an tseachtain seo.


Tá sé ag triomú amach agus na babhdáin is na feithidí is na péisteanna ag tréigeadh an aráis shamhraidh a bhí acu. Tá siad ag pacáil a gcuid málaí is ag imeacht amach chuig an ghairdín arís.


Tosaíonn an múinteoir ealaíne ag screadaíl is ag béicíl má fheiceann sí damhan alla, mar sin ní mór domh an nead bheith glanta folmhaithe di sula sciobann sí léi é.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.