Wednesday, 23 September 2015

Grianstad agus athruithe



Thóg mé amach na buataisí geimhridh inné. Thochail mé mo bhealach go cúl an chófra agus d'aimsigh mé iad, agus d'aimsigh mé na héadaí troma chomh maith. Táimid díreach tagtha chuig grianstad an fhómhair agus an geimhreadh dorcha romhainn. Mothaím SAD cheana!

De réir mar a bhí mé ag bogadh éadaí éadroma amach as mo vardrús agus ag cur na n-éadach trom ar crochadh ar ais isteach ann i ndiaidh a saoire ró-ghairid i mbliana, smaoinigh mé ar léachtóir a bhí agam ar Ollscoil Uladh. Léachtóir le Gaeilge a bhí ann ach an-taithí aige ar an Spáinn agus Spáinnis. Bhí muid sa phub an oíche seo - d'ól léachtóirí agus mic léinn le chéile san ollscoil úrnua seo ar imeall na farraige móire, rud a chuir ort bheith cúramach faoi cén leithscéal a d'fhéadfá a úsáid nuair a bhí do chuir aistí mall ag dul faoina ndoras-sa...

Dar leis, bhí na Spainnigh léannta, cultúrtha - agus ceann de na sainchomharthaí a bhí aige air seo ná an dá fhoireann éadaigh a bheadh ag gach Spáinneach i lár na tíre - éadaí samhraidh agus éadaí geimhridh. Seis meses de infierno, seis meses de invierno.

Agus muide, cosmhuintir na hÉireann, gan léann, gan béasaí, gur chaith muid na héadaí céanna gach bliain, i rith na bliana, geimhreadh, samhradh, sneachta agus grian...

Níor rith sé leis nach raibh an oiread sin éagsúlachta sna séasúir againn in Éirinn is nárbh fhiú na héadaí troma a chur i bhfolach ag cúl an vardrúis don samhradh. Samhradh...jajajajaja, mar a déarfadh Spáinneach.

Ach chaith na buataisí cúpla seachtain ... mí... sa vardrús, ar a laghad. Tá siad ag teacht amach don siúlóid Dé Sathairn beag seo chugainn.

Beidh mo chás liom, mar a bhíonn ag 12 bhan gach lá in aerfoirt na tíre seo. Gach uile lá. Gan trácht ar na mná a thugann seoladh Sasanach thall sna clinicí sin i Sasana. Gan trácht ar na mná as na Sé Chontae nach gcuirtear san áireamh sna figiúirí a chuirtear ar fáil ach nach bhfuil in ann teacht ar an seirbhís sa tírín sin ach an oiread. Bíonn ualach le hiompar acu siúd chuig an aerfort fosta.

Is cuimhin liom gur in Ollscoil Nua Uladh a chuala mé faoi mhná a raibh ginmhilleadh acu don chéaduair. Deireadh na seachtóidí, tús na n-ochtóidí a bhí ann. Bhí a fhios againn go raibh a leithéid ann, agus go raibh a leithéid ar fáil. Ach:
a) tógadh inár gCaitlicigh muid agus ní raibh ginmhilleadh ar an radar againn, díreach frithghiniúint (go ciúin, náireach ar ndóigh). Fiú an corrPhrotastúnach inár measc, ba den dream dian, doicheallach iad agus ní thabharfaí aon mhaithiúnas don bhean a 'lig síos' í féin - agus cad a déarfadh na comharsan???
b) in ainneoin íomhá mic léinn (sic) tríú leibhéil, ní raibh an oiread sin léim isteach agus amach as leapacha againn féin ag an aois sin - bhí muid ró-amscaí, ró-aineolach ar chollaíocht agus ar ghnéasúlacht sna laethe sin.

Ach casadh cúpla bean óg orm san ollscoil a raibh ginmhilleadh acu. Phléigh muid é agus labhair muid faoi eadrainn féin i rith an gheimhridh. Go hoscailte, ionraic. Ansin, nuair a tháinig an samhradh, d'imigh gach duine ar ais chuig a dteaghlaigh féin agus thit an tost. 

5 comments:

  1. " Bi gu curraiceach, brògach, brochanach sa gheamhradh,"
    Sin a deir Gaidhlig na hAlban: Hata maith, bróga maithe agus leite ite agat sa gheimhreadh.

    Dála an scéil, ní bhíonn grianstad sa bhfomhar, ach cónocht!!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. @ thit an tost.

    Seanfhocal, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceanteideal 'Clann'

    'Ordaíodh do dhaoine óga a bheith ag
    déanamh aitis,
    Do lucht gaisce a bheith ag inseacht scéil;
    Tá suíochan ar gach éinne,
    Ach ordaíodh do chailleacha a bheith ina
    dtost i mbéal.'

    Tá súil agam go n-éireoidh an bóthar libh, a Réaltán!

    ReplyDelete
    Replies
    1. seo cailleach amháin nach mbeidh ina tost. Agus tá mé ag caint le cailleach glórach callanach eile, glacaim leis...

      Delete
  3. grma, a Fhearn. Tá mé ag léamh cónocht an earraigh agus grianstad an fhómhair gach áit ach chan a mhalairt. Caithfidh gur droch-chleachtadh atá ann.

    ReplyDelete