Thursday 3 December 2015

Celia de Fréine - drámadóir faoi cheilt


Níl Celia de Fréine faoi cheilt - a mhalairt ar fad - ach is léir go bhfuil a saothar drámatúil i nGaeilge teoranta mar gheall ar dheacrachtaí maoinithe. Bhí mé sa lucht féachána ag a dráma is nua, 'Safe', in Amharclann an Mhuilinn ar na mallaibh. Mar a deir sí fein, scríobh sí an saothar seo in ómós do 'An Triail' le Mairéad Ní Ghráda - uasdátú air, más mian leat.

Scéal faoi bhean óg a choinnítear i dteach mór galánta in éadan a tola, agus ar ar tharla di as sin go dtí an lá atá inniu ann. Bíodh is gur ficsean a bhí ann, ní i bhfad ón fhírinne atá an dráma ach an oiread. Sníomhann de Fréine snátha ó stair na Maigdiléanach (ár stair féin, i ndairíre, mar is beag duine againn nach bhfuil/raibh Maigdiléanach sa chlann - éist leis an nasc ón bhean i Muineachán a rinne an turas go dtí an Teach Mór anseo)  agus dearcadh na bhfear, iad siúd a choinníonn mná i ngéibheann faoina ndíonta fein ar feadh an mblianta le chéile.

Tá cúpla aisteoir sa chomplacht a bhí thar a bheith maith, mar bhí, Sarah Coughlan (Bróna), Elizabeth Ann Doyle (Mary Ann) agus Aisling McDonnell (Kathleen). Bhí mailís agus donas ceart  le braithstin chomh maith ó mheirleach an dráma, an Dochtúir Lillis, Ian Condron.

Síos tríd, ba léir gur chumhachtaí agus gur éifeachtaí a bheadh an dráma seo i nGaeilge seachas i mBéarla. Mór an trua nach raibh seans ann lena léiriú sa teanga inar chéadscríobhadh é. Seans go bhfeicfear é sa teanga sin amach anseo, le cuidiú Moir.

Ar ndóigh, ní drámaí amháin a bhíonn ag Celia de Fréine. Scríobhann sí danta chomh maith. Cúpla sampla anseo nach bhfuil milliún míle ar shiúl ó 'Safe' ó thaobh téama de:

Lorg léirithe ag Biju Viswanath
Tá débhríochas i gceist anseo, ar ndóigh, an óige agus soineantas  na mná atá i gceist, nó páiste eile a bhásaigh nó a uchtaíodh. Deirimse é seo agus fios agam gur ar théamaí comhaimseartha na hÉireann a bhfuil de Fréine dírithe orthu le fada. Trácht orthu siúd in alt le Lia Mills.

Rian léirithe ag Biju Viswanath
Brón agus neamart an tsaoil i gceist anseo ach tá an críoch neamhshásúil - críoch ró-scioptha? Ach cá bhfios domhsa - nár bhain sé duais de chuid an New York Film festival?

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.