Monday 22 February 2016

banba

Chruthaigh mé blag nua le léirmheasanna a dhéanamh. Banba. 
Bandia agus ainm siopa leabhair atá imithe anois.  Tá siopaí Banba imithe anois agus ní chreidim i mo chroí istigh - ní draoi mé - i ndéithe ach is deas liom an dá rud bheith fite fuaite trína chéile ag an phoblacht  nuair a bhí sí óg.

 Bhí mé ag déanamh go leor léirmheasanna  le tamall anuas agus dar liom bhí feidhm le blag ar leith lena gcoinneáil scartha ón ráiméis laethúil ar an cheann seo.  'Hata Zú Mhamó' le hÁine Ní Ghlinn an chéad leabhar le gabháil air.
 

Ach má tá tuairim ag duine ar bith ar leabhar ar bith gur mhaith leo a roinnt bheinn lánsásta é a chur suas ansin agus ainm an duine sin (agus sonraí teagmhála) a chur ann leis. Is dóigh liom go scanraíonn an focal 'blag' daoine - ní thuigeann siad go bhfuil sé lán chomh héasca le Facebook. Má tá tú in ann ag Facebook, tá tú in ann ag Blogger. Bhain mé triail as Wordpress le Bogman's Cannon agus tá sé simplí go leor fosta ach rud beag níos casta ag an tús mar go bhfuil siad ag iarraidh airgead a mhealladh uait le haghaidh 'premium template' seo nó 'exclusive image' siúd a cheannach.

Blogger. Ar nós Mattress Mick. A bhfuil scríofa ar an channa.



No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.