Thursday 11 February 2016

Os cionn 55



Bhí tús gruama go maith agam don bhliain. Bhuail an fliú mé dhá lá i ndiaidh na Nollag agus chaith mé fada go leor sa leaba - coicís iomlán - agus fada go leor ina dhiaidh sin - go dtí anois, lár Mhí Feabhra - 'ag tabhairt aire domh féin'. Ach ní bhíonn sa fliú ach seal, mar a deir an seanfhocal. Tá me ag teacht chugam féin agus tá an corp ag gearain nach raibh mórán aclaíochta ar siúl agam le tamall anois.

Chuaigh mé thart ar na gyms i mo cheantar, mar sin, ag cuartú luach ar son mo shaothair. Ó-bhó, bhí praghasanna imithe suas píosa maith ón uair dheiridh go raibh mé ann! Ach in ceann amhain, thug mé faoi deara go bhféadfainn lascaine 25% a fháil mar gheall ar mé bheith os cionn 55 i mbliana - 'Active Age Senior Membership'... Nach maith iad Comhairle Contae Átha Cliath Theas.



Ach is fearr i bhfad Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ar €10 faigheann tú 'Pas Só', má tá tú thar 55 bliain d'aois.  Leis an 'Phas Só' seo i do ghlaic agat, faigheann tú cead isteach ar gach sólann i gceantar an Chomhairle ar €2.20, in ait €7.50. Tá lascainí eile ar fáil ach sin an ceann is mó ar chuir mé suim ann. Ní gá bheith i do chónaí i gceantar an Chomhairle ach oiread. Níl mé féin. Má tá tú ag teacht go  Baile Átha Cliath ar bhonn rialta is féidir leat ceann a bheith agat agus sólanna na cathrach bheith ar oscailt dúinn. Chuir mé isteach fana choinne ar líne. Ag fanacht ar an phas theacht isteach an doras sa phost anois ...

Linn snámha Bhaile Formaid ... seo chugat mé!

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.