Friday 8 April 2016

Um Cháisc i mBéal Feirste, Cuid 1

Labhrás, ag ligean a scíth sa chaifealann sa Chultúrlann. 



Athraíonn siad na 'muriels' ar bhallaí Bhéal Feirste go rialta. Chinn mé cúpla grianghraf de chinn na Casca 2016 a thógáil, agus mé ann an tseachtain fhlichshneachtúil gheimhriúil earraigh seo, mar go mbeidh roinnt acu imithe agus cinn nua ina n-áit faoin am a mbeidh mé ar ais ón Fhreaslainn. Bhí mé ag iarraidh taifead fosta ar ghnéithe den phobal ar fhás mé aníos ann, don scríobh. Ní múrach atá ann thuas, mar shampla, ach leac cuimhneacháin ar dhaoine a fuair bás le linn troda sna seachtóidí agus na n-ochtóidí. Tá na leaca seo breactha thar bheanna tí fud fad iarthar Bhéal Feirste. Tá an ceann seo cúpla méadar ón teach ar fhás mé aníos ann.
Bun Beechmount. Dealbh úrnua de James Connolly díreach taobh le múrach de Phat Finucane, dlíodóir a máraíodh ag arm na Breataine. Tuigim go mbíonn leisc ar dhaoine a admháil gur tharla gníomhartha salacha ar an dá thaobh. Ach ní thig an fhírinne a dhiúltú. Níl mé cinnte faoi na gníomhartha bheith greannta ar bhallaí, ach níl mé i mo chónaí sa cheantar a thuilleadh, agus mar sin de níl mé chun breithiúnas tiomanta a thabhairt air seo. Tuigim an fáth go bhfuil sé ann.
Cúpla slat eile. Creidim go bhfuil sé íorónach go bhfuil ómós á thabhairt do mhná fadó ach níl meas dleathach ar mhná ar an dá thaobh den teorainn sa lá atá inniu ann. Rinneadh feall ar chearta ban ar an dá thaobh den líne sin, mar gheall ar an diongbháltacht creidimh teacht salach ar stádas ban - creideamh Críostaí de chineál amháin nó de chineál eile.
Insím scéal na lilí do mo chomhghleacithe ó dheas. I dtús báire i rith m'óige bhí an suaitheantas lile ann a ghreamaigh tú ar do chóta. Bhí glé ar thaobh amháin de agus ba é an IRA a dhíol e taobh amuigh de na heaglaisí Domhnach Cásca. Ansin scar an IRA ina dhá leath, agus bhí rogha agat. Lile a ghreamaigh tú leis an ghlé stickyáilte nó lile a ghreamaigh tú le pionna. De réir an saghas lile a chaith tú bhí tú ag fógairt an ag tacú  leis na Stickies nó leis na Provies a bhí tú.
stailceoirí ocrais á gcomóradh. 

Teideal eile ar Beechmount Avenue is ea RPG Avenue.





Rinne daoine an-iarracht siopaí a mhealladh le comharthaíocht Gaeilge sa 'Cheathrú Gaeltachta' seo cúpla bliain ó shin. Tá go leor de imithe ó shin ach tá rian anseo is ansiúd.


Agus an Chultúrlann i gcroílár na comharthaíochta. Am tae.











No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.