Féile eile arís. Féile dhúbáilte, mar a tharlaíonn. Inniu Lá Saortha na hÍsiltíre - ó na Gearmánaigh, i rith an dara cogadh domhanda. Agus inniu Déardaoin Deascabhála. Féile mhór anseo, agus an dá cheann ar an lá céanna i mbliana. Rachaidh an fhéile ar aghaidh ceithre lá, ag críochnú Dé Domhnaigh, Domhnach Deascabhála.
Bhí an-iontas ar mo threoraí nach raibh muid féin mar an gcéanna, ag ceiliúradh féilte uile na Críostaíochta, mar go raibh glacadh leis go raibh Éireann an-ghafa le cúrsaí creidimh. Ach is deireadh seachtaine fada anseo, agus cuid mhaith daoine imithe ar saoire. Ach mar a fheicfeas muid ó na pictiúirí, tá go leor acu fán bhaile go fóill, agus ag baint suilt as an dea-aimsir.
Wiebe Kaspers |
Ní mé an fáth taobh thiar de yurt bheith ann - ach geallaim daoibh, bhí sé te faoin ghrian sin inniu.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.