Bean Starum |
Dingle/Dangle/Uí Chúise a tháinig isteach i mo cheann agus mé ag siúl thart ar Stavoren/Starum an lá cheana. Baile beag pléisiúrtha cois farraige atá ann, atá níos Freaslannaí - ar nós poiblí, sofheicthe - ná Leeuwarden. Ach thug an sofheictheacht sin le fios dom go bhfuil an fhreaslainnis ag athrú ar ráta níos fadálaí ná an ollainis - mar a fheictear thíos. Tá an Ollainis ag athrú ar ráta an-tapaidh, ag imeacht go gasta, i ndáiríre, faoi bhrú ag an Bhéarla. Deich mbliain eile agus ní bheidh ann ach pidgin den Bhéarla, Ach ní cúis imní é sin don ghnáthOllannach, is cosúil. An rud atá thart, tá sé thart, dar leo.
Ollainnis ar a bharr, freaslainnis ag a bhun |
Tá seanscéal fágtha acu go fóill faoi Bhean Starum, óinseach amaideach de bhaintreach. Fothéacs ag gabháil leis, ar ndóigh, go n-imíonn bean shingil ó smacht agus ó rath. An gnáth-theachtaireact in go leor seanscéalta béaloideasa de thuaisceart na hEorpa. Tá dealbh di sa phort, agus is móitíf í tríd na siopaí beaga agus greanta ar na carranna ón bhaile.
taobh amuigh den siopa búistéara |
ar bhúit an chairr |
Bhí mé in Starum ar chuireadh ó Lies agus Jannes. Léigh an bheirt seo fúm sa Leeuwarden Courant. Taithíonn siad Béara go minic agus thug siad cuireadh le croí mór domh gabháil agus cuairt a thabhairt orthu féin ansin.
D'fhoghlaim mé níos mó faoin Fhreaslainnis, an Ollainnis agus teangacha eile nach iad taobh istigh de mhaidin amháin ná a d'fhoghlaim mé ina iomlán go dtí seo. Bhí muid inár suí sa chistin leis an dathadóir -Gearmánach a labhair Gearmáinis agus Freaslainnis agus Ollainnis - agus bhí an giob-geab nádúrtha, neamhacadúil, réadúil. Freaslannach bródúil é Jannes. Thug sé roinnt Freaslainnise uaidh agus d'inis an bheirt acu faoi na báid atá acu ansin.
Tá bun cothrom ach, mar go bhfuil na huiscí sna canálacha éadomhain. Mar sin bíonn píosaí (?!! ní bádóir mé) ag an taobh chun iad a stiúradh. Ligtear an cláir mhóra seo agg taobh an bháid síos agus suas de réir mar is gá. Bíonn rásaí acu thart ar na hoileáin, díreach mar a bhíonn againn féin leis na báid mhóna.
Tá bád níos lú, níos sine ann chomh maith agus déanann siad rásaíocht leis siúd chomh maith.
Bhí an chaint sa chistin an-spéisiúil. An Béarla tríd an Ollainis, an Fhreaslainnis in iomaíocht leis an saol nua, an meascán teangacha acu sa cheantar beag sin. Gronings in Groningen, Ollainnis trasna an sunda san Ollainn ó thuaidh (Holland),
Tá stáisiún traenach Hielter píosa maith amach ón bhaile féin |
Síos an bóthar ó Starum tá Hielter/Hindeloopen. Tá teanga dá gcuid féin acu sa bhaile bheag sin, meascán idir an Fhreaslainnis agus an Ioruais. Ach is teanga teaghlaigh rúnda í. Ní thuigeann lucht Starum í, ní thuigeann lucht na hIorua í. Agus tá an baile beag bídeach - níos lú ná míle duine ina gcónaí ann. Teanga bheo thar na céadta bliain.
Castar na daoine ar a chéile leoga.
ReplyDelete"Een goede contact", mar a chanfadh Friaslannach nach bhfuil Friaslannais aige!
Cuntas maith.
Fearn
Suimiúil... grmma, a chara!
ReplyDelete