Monday 24 October 2016

Turas agus turas eile

https://www.womenonweb.org/en/page/521/about-women-on-web

Bhí mé ag caint ar Cormac@5 ar na mallaibh, mar fhreagra ar bhean a labhair cúpla lá roimhe sin. D'iarr an bhean sin cead cainte ar an chlár. Ag caint go laidir agus go macanta faoina creideamh féin i leith ginmhillte. Níor aontaigh mé leis an chreideamh sin ach tháinig an fhoireann chugam tamall níos moille an tseachtain chéanna. 

Le linn an agallaimh a chuir Tristan Rosenstock orm, thuig mé go raibh mana ar leith ag teacht chun tosaigh i mo chuid cainte: bíonn a turas féin le siúl ag achan bhean.

Thíos tá roinnt fíricí a thóg mé ó shuíomh ARC. Má tá aon mhíchruinneas ann, seans gur aistrigh mé go mícheart iad agus bheinn buíoch as daoine mé a chuir ar an eolas faoi.


Cén teorainn ama ar cheart a chur ar chóir ginmhillte?
Cothaíonn ginmhilleadh dleathach ginmhilleadh luath, sábháilte. I suirbhéannna, deir mná gur bhreá leo an ginmhilleadh bheith acu níba luaithe, ach gur mhoilligh easpa airgid, easpa eolais nó deacrachtaí teacht ar sheirbhísí iad.

Ar an mheán, bíonn ginmhilleadh ag bean a chónaíonn in Éirinn níos moille ná bean a chónaíonn sa Bhreatain, mar gheall ar an mhídhleathacht seo agus an costas breise a chuirtear orthu. Déantar ginmhilleadh as gach 3 cheann do mhná a thaistealaíonn ó Éirinn ag 10 seachtainí, curtha i gcomparáid le ceann as gach 5 cheann do mhná atá sa lonnaithe Bhreatain cheana.

 I dtíortha ina bhfuil ginmhilleadh dleathach agus ar fáil, ní bhíonn ginmhilleadh mall – i ndiaidh 23/24 seachtainí - ar fáil ach go hannamh, i gcás FFA, mar shampla. 
Cén fáth ar cheart don chóir ginmhillte bheith saor?
Is cóir leighis i gcóir slánte na mná é, ar nós gach cóir leighis eile, seirbhísí mháithreachais san áireamh.

Ar cheart ginmhilleadh bheith ar fáil on demand?
Ba cheart ginmhilleadh bheith ar fáil do gach bean a iarrann ceann. Fágtar na fáthanna a bhfuil a ginmhilleadh ón bhean - cúrsaí sláinte, éigniú, FFA, nó díreach nach bhfuil sí ag iarraidh bheith torrach - idir í féin agus a dochtúir.
Tá an téarma On Demand corraitheach agus tugann sé breithiúnas ar mhná a dtugann faoin ghinmhilleadh, ag cur in iúl go bhfuil siad clamhsánach, casaoideach. Tuigeann gach bean fáth an ghinmhillte, agus an bhean í féin amhain.
Ar cheart ginmhilleadh a cheadú do bhean a fhaigheann amach go bhfuil drochbhail ar an fhéatas sin?
Ba cheart ginmhilleadh bheith ar fáil don bhean a iarrann ceann. Tá an cinneadh idir í féin agus a dochtúir.
Ní féidir agus ní ceart breithiúnas a thabhairt ar an chinneadh a dhéanann gach bean di féin. Is cóir dúinn tacú léi trí reachtaíocht a chur ar fáil agus trí chumas a chothú.
Sa Bhreatain, déantar ginmhilleadh de dheasca drochbhail féatais in 1% den líon iomlán de ghinmhilltí.
An mbíonn aiféala ar mhná a mbíonn ginmhilleadh acu?
Is beag fianaise atá ann chuige seo, ón taighde atá déanta ag an American Psychological Association (APA agus Ollscoil Johns Hopkins University. De réir taighde ag an HSE’s Crisis Pregnancy Programme de chuid an HSE sa bhliain 2010,dúirt 87% de mhná in Éirinn a raibh ginmhilleadh acu gurbh é an ‘the right outcome’ daofa.
Cinnte, is féidir aiféala bheith ann, nó cumha. Ach mar an gcéanna, is féidir faoiseamh nó fuascailt bheith ann chomh maith.
Is suntasach an mhaise é go méadaíonn easpa chóir ginmhillte imní nó galar dubhach i mná, agus go méadaíonn an easpa chéanna baol féinmharaithe le linn toirchis.
Ar ndóigh, méadaítear an stoiteachas agus an mháchail a mhothaíonn mná a bhfuil ualach breise orthu ag tabhairt faoin chinneadh ginmhilleadh bheith acu go sábháilte thar lear, mar go bhfuil sé mídhleathach ina gceantar féin.

Cé ar cheart a chur san áireamh le ginmhilleadh a cheadú? Ar cheart don athair bheith páirteach sa chinneadh?
Is corp ban é, is rogha ban é. Beidh ionchur ann óna dochtúir, óna páirtnéir más ann dó, ó cibé duine eile a roghnaíonn an bhean an cinneadh a phlé leo. Ach fágtar an rogha ag an bhean í féin. Is a corpsa é, bíodh toircheas nó ginmhilleadh a rogha.
An gcothaíonn ginmhilleadh ailse?
Níl aon fhianaise ann go gcothaíonn ginmhilleadh ailse. Mar dhuine mé féin a raibh ailse orm, an fhianaise is láidre is atá ann chun ailse a chosaint ná gurbh fhearr duit aclaíocht rialta a dhéanamh, machnamacht nó modh éigin eile a chleachtadh le strus a laghdú, agus meáchan a choinneáil síos. http://www.cancer.org/cancer/breastcancer/moreinformation/is-abortion-linked-to-breast-cancer
Cé chomh sean ar cheart do chailín bheith chun ginmhilleadh a fháil gan cead tuismitheora?
Is fearr cloí le treoirlínte leighis in aon chóir leighis. De ghnáth, bíonn duine os cionn 16 in ann toiliú do chóir leighis. É sin ráite, is fiú machnamh a dhéanamh ar thoircheas a bhrú ar chailín faoi 16 mar gheall ar thuairimí a tuismitheoirí. Beidh plé le déanamh sa chás sin ag tabhairt mianta an chailín san áireamh,.
 
https://www.artistsrepealthe8th.com/
Ar cheart ginmhilleadh a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí (easpa) airgid?
Ní ceart go gcoinneodh easpa airgid bean ó pháiste a thabhairt ar an tsaol. Ach is mar sin atá ag go leor ban. Níl an t-airgead acu. Roinnt acu, tá siad ar choláiste, nó ar scoil, nó níl post seasta acu. In amanna, tá clann orthu cheana agus tá airgead gann, mar atá.
Cinneann roinnt de na mná seo ginmhilleadh. Faoi láthair, cosnaíonn ginmhilleadh sa Bhreatain €1000, idir taisteal agus an chóir leighis féin. Tá piollaí ginmhillte níos saoire, ach téann na mná a thógann iad i bpriacal 14 bliana sa phríosún.
Ní leor na roghanna atá ann i láthair na huaire, go háirithe ag mná a bhfuil deacrachtaí airgid acu cheana. Tá gá le teacht ar ghinmhilleadh nach gá eiltilt Ryanair nó Aer Lingus a chur in áirithe lena fháil.


Cad a tharlaíonn i rith cóir ginmhillte?
Tá piollaí ann agus tá gnáthaimh mháinliachta ann, ach cuireann dlíthe na hÉireann bac le heolas cruinn a chur ar fáil faoi ghinmhilleadh. Is fearr teagmháil a dhéanamh le leithéid an British Pregnancy Advice Service nó an Abortion Support Network thar lear.
Is fadhb í an chinsireacht agus is sárú é ar chearta daonna. Cuireann sé mná i mbaol. Anuraidh, ghabh lucht custaim seilbh ar 1,000 piolla ginmhillte. Sin míle bean a bhí san fhaopach nach bhfuair fuascailt.
Seachain clinicí a deir go dtaispeánfaidh siad duit go beacht agus go cruinn cad a tharlaíonn. Níl cead acu, agus ós rud é go bhfuil siad ag sárú an dlí ní ceart do mhuinín a chur iontu.

 Nach dtig le mná atá ag iarraidh ginmhillte dul thar lear lena fháil, cad chuige an gá dúinn é a reachtú go dleathach anseo?
Níl sé chomh simplí sin. 4 chúis nach bhfuil...
  1. Cúis airgid – cosnaíonn turas go dtí an Bhreatain suas le €1000. Suim mhór airgid ata ann le cruinniú le chúile ag go leor ban. Tá siad san fhaopach.
  2. Cúis dlí – Ní bhíonn teifigh ná mná ón choigrích atá lonnaithe anseo le srian víosa in ann taisteal amach as an stát, mar gheall ar shriantas dleathacha ina stádás. Bíonn deacrachtaí fosta ag fir trans mar gheall ar a n-insce ar a bpasanna. Cuimhnímis ar Chás Ms Y sa bhliain 2014, a léiríonn cad a tharlaíonn do mhná nach bhfuil in ann taisteal agus nach bhfuil ag iarraidh leanstan leis an toircheas. Tá siad san fhaopach.
  3. Cúram páistí – Tá ar a laghad páiste amháin agus in amanna níos mó ná páiste amhain ag 60% de mhná sna Stáit Aontaithe a mbíonn ginmhilleadh acu. Bíonn cúram páistí le socrú ag mná in Éirinn chomh maith. Munar féidir le bean a rá os ard le daoine go bhfuil sí ag taisteal thar lear le haghaidh ginmhillte, agus muna bhfuil airgead aici le cúram a shocrú nó tacaíocht de shaghas eile ar fáil aici, beidh sí san fhaopach.
  4. Cúrsaí sláinte – Tá ginmhilleadh dleathach sa chás go bhfuil baol díreach, láithreach don bhean atá ag iompar. Tá an focal sin 'láithreach' tábhachtach. Cuimhnigh ar #Savita. Ciallaíonn sé seo go mbíonn mná ag taisteal atá ag iarraidh ginmhillte ar chúiseanna sláinte ach nach bhfuil in ann ginmhilleadh a fháil sa bhaile. Ailse, mar shampla. Má tá deacrachtaí taistil ag an bhean agus níl sí in ann fáil amach as an tír, beidh sí san fhaopach.
Cá huair a thosaíonn an saol?/an dúnmharú é ginmhilleadh?
Ag go leor daoine a shéanann rogha, tosaíonn an saol (agus an 't-anam') leis an ghin. Sin dearcadh reiligiúnda, de ghnáth, atá bainteach le creideamh agus dia de shaghas amháin nó de shaghas eile. Agus le rialacha moráltachta a théann leis na creidimh sin.
Níl a fhios againn. Sin tús agus deireadh an scéil. In Éirinn, tá an creideamh reiligiúnda sin ag diúltú cearta daonna do gach bean, bíodh sí ag iarraidh ginmhillte nó nach mbíodh. Baintear féiniúlacht agus údarás thar a corp féin ó gach bean in Éirinn ag an nóiméad go mbrúnn an speirm a bhealach tríd bhalla an ubháin. Fiú má leanann sí leis an toircheas agus í sásta leis an chinneadh sin.

Ciallaíonn rogha rogha. Ní chiallaíonn sé brú chun ginmhillte ach go mbeidh sé mar rogha insroichte ag an bhean sin a éilíonn é. Ní dheánann an tOchtú ginmhilleadh a choinneáil amach as an tír – ach cuireann sé le roghanna nach bhfuil sábháilte, ginmhillte malla agus le brábús na gcomhlachtaí eitleán.

An bhfuil tú i bhfách le ginmhilleadh?
Tá mé i bhfách le rogha. Rogha ginmhilleadh sábháilte, dleathach bheith ag bean ina tír féin sa chás go roghnaíonn an bhean é sin trí chúrsaí pearsanta nó ar chomhairle dochtúra. Rogha leanstan leis an toircheas más mian leis an bhean é sin a dhéanamh.

An bhfuil contúirt ag baint le ginmhilleadh?
Is cóir leighis sábháilte é má dhéantar é i gcomhthéacs dleathach, faoi stiúr lucht leighis.
Mar gheall ar an 8ú, áfach, tá baol do mhná mar gheall ar na cúiseanna a leanas:
  1. Ní fios cén caighdeán atá i ngach piolla ar líne: Tá eagraíochtaí ar nós Women On Web and Women Help Women ann, a sholáthraíonn piollaí sábháilte um ginmhilleadh do na tíortha sin nach bhfuil siad ar fáil. Ach tá suíomhanna eile a sholáthraíonn piollaí agus ní fios cén caighdeán atá iontu. Ná lorgaítear iad ach ó fhoinse inmhuiníne.
  2. Ní bheidh teacht ag dochtúir sa Bhreatain ar do stair leighis – Faoi mar a a sheasann cúrsaí faisnéise sláinte faoi láthair, ní thig le dochtúirí thar lear do chomhad leighis a iarraidh ó do dhochtúir anseo. Tá dochtúirí thar lear ag brath ar eolas a fhaigheann siad ó na mná iad féin, agus in amanna ní bhíonn gach eolas acu seo, nó ní bhíonn an t-eolas cuí leo. Cuimhnigh go gcaithfear gach eolas cuí a bheith ag an chlinic. B'fhearr an chóir leighis bheith ar fáil taobh istigh de chríocha an stáit, áit a bhféadfaí stair leighis a iarraidh go saorga.
  3. Tréimhse gearr ama – Déanann go leor ban ó Éirinn a dturas féin gan a inse do dhuine ar bth. Eitlíonn siad trasna na dtonnta ar maidin agus pilleann siad an lá céanna nó go luath an lá dar gcionn. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil siad ag ligean an scíth inmholta. Is féidir le cúrsaí sláinte gabháil in aimhréidh dá dheasca seo.
  4. Modhanna baile contúirteacha – Cuireann mná nach bhfuil in ann taisteal de dheasca airgid nó cúrsaí eile agus nach bhfuil in ann teacht ar phiollaí, cuireann siad a saol féin i mbaol trí mhodhanna contúirteacha a thástáil sa bhaile leis an toircheas a chríochnú.
Bíonn coinníollacha níos fearr ar fáil má dhéantar an ginmhilleadh i gclinic nó faoi stiúr dleathach dochtúra.
Má bhíonn ginmhilleadh dleathach, nach n-úsáidfidh roinnt daoine ginmhilleadh in áit mhodhanna frithghiniúna?
Léiríonn staitisticí ó thíortha ina bhfuil ginmhilleadh dleathach go raibh mná ag úsáid modhanna frithghiniúna ag an am gur éirigh siad torrach. Níl aon mhodh frithghiniúna 100% cinnte, agus tá roinnt de na modhanna nach bhfuil oiriúnach ag mná áirithe.
Tá go leor fáthanna a mbeidh bean nó lánúin ag iarraidh dereadh a chur le toircheas. Ná déanaimis breithiúnas.



Tuilleadh eolais ANSEO


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.