Monday 24 July 2017

Trí ionad, triúr scríbhneoir

gort glasraí i gcroílár na cathrach, Ljubljana
Bhí mé féin agus Áine Ní Ghlinn ag déanamh camchuairt filíochta thart ar an Slovéin an mhí seo, a bhuíochas leis an scríbhneoir Slovéineach, Cvetka Bevc. Bhí Cvetka i mBaile Átha Cliath i 2016 le Focail Eile. Chinn muid fanacht i dteagmháil lena chéile agus d'eagraigh Cvetka na dátaí léitheoireachta dúinn tamall ó shin.

Bhí muid le gabháil trasna chuici, ba chuma maoiniú ann nó as. Is iomaí urlár nó tolg ar chodail mé air roimhe seo. Ach táimid an-bhuíoch as maoiniú a fuair muid ó Fhoras na Gaeilge, ón Chomhairle Ealaíon agus ón Ambasáid thall. Bhí leapacha aimsithe againn a bhuí leo.

Rinne muid an chead léamh i Ljubljana, amuigh faoin aer, i ngáirdín Aontas na Scríbhneoirí Slovéineacha. Tháinig go leor daoine chuig an léamh, agus LeasCheannaire na hAmbasáide, Brian Nolan, leis.
leabhar a bhronn muid ar chathaoirleach an aontais - leagan Béarla istigh
Chuir Ljubljana gliondar orm. Cathair insiúlta is ea í, tithe stairiúla agus gáirdíní poiblí go fras ann. Ní dhearna mé ach an chuid is lú dá raibh ann a bhlaiseadh i gceart, mar go raibh muid ag rith ó áit go háit, ach ba bhreá liom gabháil ar ais lena fheiceáil i gceart ag pointe éigin.

Amfitéatar Ruse
As sin go Ruŝe linn. Baile beag é Ruŝe atá suite taobh amuigh de Maribor in oirthuaisceart na tíre ach baile an-stairiúil i gcur chun cinn na drámaíochta sa stát. Tá amharclann faoin aer ansin a úsáidtear ó am go ham chun drámaí samhraidh a chur ar an stáitse. Míle daoine ar bhinsí i leathchiorcal thart ar stáitse thíos futhu, i lár na coille, sa dorchadas. An-rómánsúil, an-drámatúil.
trácht orainn sa nuachtán náisiúnta (Vecer, 6 Iúil 2017)
Is ansin a fuair mé blaiseadh de stair na teanga agus na ndaoine. Tá an t-aimfitéatar i Ruŝe cúpla céad bliain d'aois, mar bhí lucht na Slovéine mar chuid den impireacht Ostarach-Ungárach ar feadh i bhfad, agus a dteanga féin in áit na leithphinge. B'shin ceann de na rudaí suntasacha a mheall Cvetka Bevc le linn a hama anuraidh (2016) i mBaile Átha Cliath. Bhí comóradh 1916 ar siúl. Thuig sí réabhlóid. Thuig sí bheith faoi chois. Thuig sí 1916. 

Oíche codlata i Ruŝe agus as sin go Maribor linn don tríú léamh. Tá abhainn a théann tríd an bhaile agus tá na bruacha lán caiféanna agus áiteacha spéisiúla le siúl. 

siopaí spéisiúla Maribor
Agus tá rud eile ag Maribor - tá lár an bhaile lán siopaí dara láimhe. Chonaic muid ceann amháin ina raibh taisce go leor do léiritheoirí stáitse agus scannán - troscan ó ré an tsóisialachais a bhí foirfe go fóill. Achan rud acu ón dabhach stáin a sheas amuigh sa chlós i gcúl an tí againn féin go dtí seanseainnteoir ceirnín ina chófra galánta snasta adhmaid. 
ag dul siar san am i Maribor
An t-aon cheann amháin a chonaic mé sa tír, i Maribor.
Na rudaí is mó a sheasann amach faoin léamh i Maribor? An t-ionad - ionad beag ealaín i lar an bhaile, seanteach gleoite, ealaín thart ar na ballaí. An stiúrthóir - bhí sé lách, eolach. Agus an scaifte a tháinig amach le héisteacht, go háirithe seanbhean bheag chríonna a tháinig chugam agus a labhair go dúthrachtach agus go corraitheach liom faoi na Ceiltigh sa Slovéin. I Slovéinis. Bhí leabhar ceannaithe agus léite aici go speisialta ar na Ceiltigh le go mbeadh sí in ann an fhilíocht  Éireannach a thuigbheáil. Thug sí amach as a mála é agus thaispeáin sí domh é, ag caint i Slovéinis ghasta thógtha faoi na nithe éagsúla a bhí istigh. Dóitín.
ionad Maribor
Teach an Mhéara, Maribor
Trí oíche, trí léamh, triúr scríbhneoir. Bhí muide, mar na hÉireannaigh, scriosta ag an teas. Bhí sos de dhíth. Rud a fuair muid, i mBled...

Mar a dúirt mé cheana - tá muid fíorbhuíoch as an tacaíocht a fuair muid ón Ambasáid, ó Fhoras na Gaeilge agus ón Chomhairle Ealaíon. 

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.