Thursday 29 March 2018

Creidim í

Mnábalta amuigh ar na sráideanna
Thosaigh na sluaite ag bailiú ar lá feanntach fliuch i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i gcathracha eile ar fud an oileáin inniu. Bhí bean amháin ann, gan dlíodóir aici, a ndearna a saol, a fo-éadaí agus a h-iompar a mheas os comhair an domhain mhóir. Bhí ceathrar imreoir rugbaí fir agus dlíodóir an duine acu, cúisithe as gníomhartha éagsúla. Scaoileadh saor na fir.

teaachtaireachtaí ar na gutháin phóca ag an fir a scaoileadh saor

Níl mé chun breithiúnas a dhéanamh ar na fir. Rinneadh sin sa chúirt nuair a scaoileadh saor iad, nuair a dúradh gur chomhartha a bhí ann nach éigniú a bhí ann mar níor scread sí.  Tá mé chun a dheimhniú go gcreidim í nuair a deir sí nár thoiligh sí do na fir éagsúla a ghlac leis gur thoiligh sí an oíche sin.


Thosaigh an slua i mBaile Átha Cliath a bhailiú go ciúin. D'fhan siad ciúin agus d'éirigh an slua níos mó. Scríobh daoine ar an chosán faoin Túr Solais le cailc, teachtaireachtaí muiníne don bhean a chreidimid.
manaí muiníne á scríobh ar an chosán
D'éirigh an slua níos mó arís is arís eile. Bhí daoine anois ar an líne LUAS. Ghéill na gardaí don scaifte ciúin agus stop siad an LUAS, na busanna agus an trácht.

Má bhí an aimsir gruama, bhí daoine thart orm ag trácht ar an dóchas a spreag an líon mór ar an tsráid, dóchas go ndéanfaí athruithe a chur i bhfeidhm i bpróiseáil choir an éignithe. 
Ag éisteacht le speechannaí
Bhí an trácht stopaithe ar feadh beagnach uair a' chloig. Bhí moll mór daoine óga i láthair, idir fhir is mhná. Roinnt daoine ag caoineadh, roinnt daoine ag ceol. 

Bean amháin a spreag an léirsiú seo, ach an tuigbheáil ag achan bhean sa slua go raibh fíric uilíoch i gceist. Mórcheisteanna Tola agus An Dóigh a Chiaptar aon Bhean sa Chúirt má leanann sí le cás éignithe an dá cheist mhóra anseo inniu.


Bhí na Gardaí ann ach ní raibh gá leo, agus bhí siad an-mhúinte leis an scaifte a bhí i láthair. Thuig siad go raibh an-chuid taithí pearsanta ag an-chuid de na léirsitheoirí, is cosúil.

An trácht stopaithe


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.