Tá mé díreach i ndiaidh tosú ar mhí cónaitheachta sa Slóvéin, cónaitheacht Dane Zajc (Dá-né Z-áidh-ts). Tá árasán curtha ar fáil ag Aontas na Scríbhneoirí Slóvéinise go cionn míosa, díreach taobh le lár chathair Ljubljana, ag bun an chnoic faoin chaisleán. Bhí mé sa tír
anuraidh i dteannta Áine Ní Ghlinn, ag léamh ar fud fad na tíre, agus is amhlaidh go bhfuil mé thar a bheith sásta bheith ar ais sa tír fháiltiúil seo.
Tá seansráideanna agus sráideanna nua ann. Tá ailtireacht a théann siar go laethe impireachta agus foirgnimh ón ré sóisialach faoi Tito.
|
doras thar a bheith sóisialach |
|
agus .... Amabasáid na Stáit Aontaithe |
|
laethe impireachta faoi scáil an chaisleáin |
Rud atá an-phléisiúrtha faoi Ljubljana ná na páirceannna beaga atá achan áit. Bíonn áit ann i gcónaí le suí agus do mhachnamh a dheanamh - nó léamh, nó comhrá bheith agat.
|
an pháirc taobh leis an árasán. |
An t-aon mhíbhuntáiste leis an áit ná go bhfuil an chathair ró-ghar agus ró-tharrantach. Caithfidh mé cromadh chun oibre anois.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.