Wednesday 16 December 2009

Insint

Ní raibh mé bliain féin ag obair san ollscoil i mBéal Feirste nuair a tháinig ríomhphost thart do gach ball foirne. Thairg an ollscoil mamagraim do mhná a bhí idir daichead agus caoga bliain d’aois. Ní raibh ceann agam ariamh. Cén fáth an mbeadh? Níor rith an ailse áirithe sin sa chlann s’againne, agus ní raibh mé ach daichead a seacht. Agus ní raibh aon chnapán le braithstin, ná aon cheo eile le feiceáil, ná aon tuirse domhínithe orm. Bhuel, bhí an deis le tapú agus bhí sé chomh maith agam ceann a fháil déanta, ar nós gach scrúdú eile sláinte a fuair mé déanta go rialta.

Bhí go maith is ní raibh go holc. Lá breá grianmhar, leithscéal le héalú ón oifig ar feadh tamaill agus siúl beag pléisiúrtha chuig foirgneamh Action Cancer romham. Tá na hoifigí sin píosa beag amach ó cheantar na hollscoile, ceantar atá lán le duilliúr agus tithe maorga, iarcheantar lucht an rachmais i mBéal Feirste sna blianta roimh Na Trioblóidí. Mí an Mheithimh a bhí ann, agus an samhradh ag bogadaigh is ag borradh tríd an aer.

Níor fhan mé rófhada sa seomra feithimh mar bhí siad réidh fá mo choinne. Nuair a bhí an mamagram déanta dúirt siad go bhfaighinn litir i gceann roinnt seachtainí. Amach faoin ghrian liom arís. Siúl beag pleisúrtha ar ais chuig an ollscoil, agus tráthnóna oibre ag an ríomhaire.

Ach an tseachtain dár gcionn fuair mé litir ag iarraidh orm pilleadh le haghaidh scrúduithe eile…’irregularities…. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin cearr ach chuir me siar imo cheann é, i bhfolach. Ní raibh mé réidh le déileáil leis. Agus níor rith an ailse áirithe sin sa chlann s’againne, bíodh a fhios agat...

Ach an lá go ndeachaigh mé isteach arís, thóg siad mamagram eile as an nua, chun pictiúr níos géire a fháil. Bhí an clinic dubh le mná agus a gcuid páirtnéirí. Bhí mé féin ansin liom féin, mar ní raibh mé sa bhaile, Baile Átha Cliath, ach bhí mé im’ áit oibre, Béal Feirste. Ach bhí rud amháin i gcoitinne ag gach duine againn, dreach imníoch.

Thairg an lia an x-ghá domh le frídíní beaga bídeacha ann, a dúirt go raibh ailse ag dul a thosú, muna raibh rud éigin ann cheana. Ní raibh sí ábalta rud ar bith a bhraithstin lena láimh, ach cuireadh le haghaidh ultrafhuaime mé, faoi m’ascaill. Agus chonaic mé ansin an loch mór dubh ar an scáileán. Bhí ailse ionam, alright.

Satharn a bhí ann. Agus de ghnáth bhíodh banaltra ailse le taobh an lia, le cuidiú leis an taobh ‘daonna’ de na cúrsaí seo, ag míniú rudaí athuair nuair nach ndeachaigh an scéal isteach sa chloigeann i gceart ar an chéad insint. Ach Satharn a bhí ann. Ní raibh sí ar fáil. Bhí an lia cineálta, ach nuair a mhínigh sí gur cás neamhghnáth a bhí ann, ach bithóipse de dhíth lena chinntiú, bhí m’intinn druidte síos. Shiúil mé amach faoi mhearbhall chuig an charr, shuigh mé isteach ann agus thiomáin mé an bealach ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath. Bhí bithóipse le déanamh an tseachtain seo chugainn, ach ag an bhomaite sin bhí mo chlann de dhíth orm.

Níor inis mé do na páistí – bhí Ardteist le déanamh ag duine amháin agus scrúdaithe deireadh bliana sa choláiste ag an duine eile. Bhí go leor dráma sa teach mar bhí…

Ach bhí siad ann, bhí m’fhear chéile ann, agus bhí só ann. Agus ar ndóigh, bhí Sparky agus Beano ann – an dá mhadadh. ‘Heinzers’, mar a thug muid orthu – caoga a seacht gcineál iontu. Agus chaith mé an deireadh seachtaine ‘go normálta’ – ag tabhairt amach do na páistí, ag siopadóireacht in Tesco, ag glanadh is ag cócaireacht. Agus bhain mé sult as gach nóiméad, in ainneoin na heagla. Mar ní raibh a fhios agam cad a bhí in ndán domh amach seo. Ach bhí a fhios agam nach mbeadh sé deas.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.