Sunday 27 December 2009

Bithóipse

Nuair a fhaigheann tú an litir ag iarraidh ort teacht isteach le haghaidh breis fiosrúcháin mothaíonn tú leat féin féinig. Ach ag siúl isteach sa seomra feithimh duit arís don bhithóipse, is é an líon ban atá ansin romhat a bhuaileann thú. Mná d’aois féin, seanmhná, mná óga, cailíní agus a máthair leo…agus an ghruaig – liath, rua, fionn, dubh, fada, gearr, catach, díreach….. Tá rabharta banúil ag éirí romhat sa seomra, teannas san aer, eagla i súile. Ní labhrann mórán daoine sna seomraí feithimh seo, ach má tharlaíonn go mbriseann comhrá amach, séideann greann neirbhíseach ar fud an tseomra. Agus ar ndóigh, tá ábhar magaidh ann. Iarrtar ort an t-éadach ar bharr do choirp a bhaint duit agsu clóca beag a chaitheamh, le fiosrúcháin a éascú. Fágann sé sin an seomra lán clócaí, ar nós aoir ar na seálta a chaith leithéidí mo mháthar mhóir, nó Peig Sayers, nó Lady Lavery.

Déanann tú neamhaird ar an chóras ospidéil go dtí go súitear isteach thú. Agus an móimint gur shiúil mé isteach sa bhithópslann, thuig mé go raibh mé go docht i lámha an chórais. Innill agus ríomhairí de gach saghas, agus ag bun an tseomra, leaba ar nós bunk a bhí go hard san aer, agus dréimire le gabháil in airde ann. Rud a rinne mé. Shuigh na banaltraí thíos fúm agus rinne siad a gcuid oibre.
‘Ná bog, anois… maithú, fan díreach mar sin’, ar siad, ag druileáil is ag gearradh.
Rinne mé iarracht m’intinn a dhruidim síos, le teann eagla roimh an aineolas agus an scanradh.
Is cuimhin liom gur bhreathnaigh mé ar an phictiúr ar an bhalla le linn do na banaltraí an fheoil a scagadh is a ghearradh. Blátha a bhí sa phictiúr, blátha oráiste agus buí.

Agus sa deireadh, bhí sé thart. Agus shiúil mé amach. Ach bhí a fhios agam go mbeinn ar ais. Ní raibh sa lá seo ach blaiseadh ar an todhchaí. Agus shiúil me ar ais go dtí m’arásán. Agus d’fhéach me ar an chíoch a bhí le gearradh. Agus an rian fuilteach a fágadh i ndiaidh obair an lae. Agus ní raibh mé ábálta smaoineamh níos faide chun tosaigh ná an lá sin.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.