Mar a dúirt mé, nuair a bhíonn an lia réidh leat, tagann an bhanaltra ailse isteach sa scéal. Ag rá gach rud athuair, i bhfocail liachta agus i bhfocail dálacha, ag míniú aon rud a iarrann tú, ag tabhairt eolais duit. Bhí mo dheirfiúr in éineacht liom an lá seo nuair a d’inis siad domh go raibh ailse faighte go cinnte sa bhithóipse. Chonaic mé mé féin ina haghaidh, agus muid ag éisteacht leis an bhanaltra ag carnadh na bhfocal ar bharr a chéile.
‘Bean as gach deich míle…ceithre nó cúig lá san ospidéal tar éis an sceana…rátaí mairsteana… chaemo…ráidió…tuirse…céimeanna agus rátaí fáis…an t-ádh leat teacht air chomh luath…’
Chonaic mé droim mo dheirfiúra ag iarraidh éalú siar tríd an chathaoir phlaistic roimh an mhonamar fíricí agus eolais. Agus bhí a fhios agam gur mar an gcéanna a bhí mo dhroim féin. Níor mhothaigh mé go raibh an t-ádh liom ar aon dóigh, ag an phointe seo. Dá mba rud é go raibh, ní cuachta i somraín a bheinn, ag éisteacht le liodán seo na hailse i mbéalaibh stráinséara. Dá mba rud é go raibh an t-ádh liom, ní bheadh aon ailse orm ar chor ar bith.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.