An trí ní is ansa leis an duine tinn:
Barrróg chionmhar
Leigheas fíochmhar
Mionchuairt mhinic
Tá cairde – agus gaolta - saoithiúil. Is cairde maithe iad lá amháin, ach i bhfaiteadh na súl bíonn a leath acu imithe chomh luath is a insíonn tú scéal do ghalair daofa.
Cuid acu, tá eagla orthu. Imíonn siad is ní fheiceann tú iad riamh arís. Síleann siad teagmháil a choinneáil leat trí leithéidí Facebook ach níl ann ach sop in áit na scuaibe. Ar chúis na heagla nó ar chúis eile níl siad in inmhe guthán a thógáil ná nóta a scríobh.
Cuid acu, mothaíonn siad ciontach gur tusa a fuair an drochscéal ina n-áit. Mar is iad siúd atá ag caitheamh dhá scór fags gach lá, nó ag ól sé phionta Smithwicks gach oíche. Ní fheiceann tú mórán de na daoine seo ach oiread – tá siad gnóthach ag iarraidh ligint do na fags anois go bhfuil an galar réadúil. É sin agus níl siad in inmhe ag an ghalar bheith sa seomra céanna leo.
Bhí cara mar sin agam. Tháinig sí aon uair amháin le comhbhrón a dhéanamh liom agus shuigh sí sa chathaoir trasna uaim ag caoineadh i rith an ama. Ní chualathas uaithi ó shin….ach amháin ag an Nollaig nuair a bhí sí ag bráth ar a céile a fhágáil. Agus mé i lagtrá cheart an chaemo chuir sí ceist – i ndiaidh sé mhí gan focal aisti – an bhféadfadh sí stopadh liom ar feadh tamaill. Fágadh gan urlabhra mé, i ndáiríre, an iarraidh sin! Á bhuel, bíonn an saol corrach! Níl a fhios agam ar fhan sí nó ar imigh sí ón fhear sa deireadh, mar ní raibh sí i dteagmháil ó shin!
Agus cuid acu…níl a fhios agam, imíonn siad ó leaba na haicíde chomh tiubh géar agus is féidir….faigheann tú amach measartha gasta cé acu an fiú cara a thabhairt orthu, nó duine a raibh aithne agat orthu tráth.
Bhí bean ar m’aithne ar shíl mé go raibh me mór léi. Chuir me ríomhphost chuici ag rá cad a tharla agus bheith cinnte mamagram a fháil déanta go rialta, fiú gan caoga bliain sroichte aici fós. Chuir sí ríomhphost ar ais chugam ag aontú liom fán mhamagram agus ansin chaith sí cúpla alt ag cur síos ar na pleananna a bhí aici le taisteal sa Spáinn an samhradh sin. Ceist ar bith fán chúrsa leighis a bhí beartaithe, fán díchíochú a bhí le déanamh. Gan focal iontais ná comhbhróin. Ach ar ndóigh, bhí an Camino le déanamh réidh fána choinne aici! Chuir mé ríomhphost ar aghaidh chuici ag míniú nach itinerary s’aicise a bhí uaim ag an bhomaite sin, agus ní chualathas uaithi ó shin.
Agus daoine nár bhraith tú ró-mhór leo roimhe seo, nochtann siad láidreacht agus feasacht agus croíúlacht. Tá siad sásta bheith ann go minic ach go mion – díreach an rud a bhíonn uait agus tú lagbhríoch ag an chaemo. Cuireann siad teachtaireachtaí chugat go minic, is glacann siad roinnt den ualach orthu féin ar feadh tamaill. Déanann siad réidh anraith agus dinnéaracha nuair nach bhfuil fuinneamh agat féin. Tugann siad tacaíocht do do pháistí – mar bíonn tacaíocht de dhíth orthu siúd chomh maith, Cuma cé chomh mór leo. Agus déanann siad cinnte nach síleann tú go bhfuil an domhain i ndiaidh do thréigint. Grma mór do gach duine acu siúd a léann é seo.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.