Tuesday 29 December 2009

Gruagairí

Lá de na laethe sula raibh mé le dul faoi scian, d’fhéach mé sa scáthán agus dúirt mé liom féin, ‘right, girl, am bearradh gruaige duit’. Mhothaigh mé an drochspion agus an féintrua go mór an mhaidin sin. Shiúil mé amach ar an tsráid i mBéal Feirste agus shiúil mé isteach sa siopa gruaigeadóra is gaire don árasán. Ní salon a bhí ann, ná gar dó! Bhí seanlino ar an urlár, seanphéint ar na ballaí, agus troscán plaistic, caite, tuirseach ann. Agus beirt bhan óga ag obair ann. Blas láidir áitiúil ar a gcuid cainte, criosanna de sciortaí orthu, fáinní cluaise síos go dtí a ngualainn acu beirt.

Bhí siad ábalta mé a ghlacadh ar an toirt le haghaidh dathú, bearradh is triomú. Sheas bean amháin ag an chathaoir liom, ag roghnú dath nua gruaige.

‘Agus cad a chuir in d’intinn dath a roghnú, an liath a cheilt, ab ea?’
‘Ní hea, díreach athrú a bhí de dhíth’ arsa mé go ciúin, beagnach i gcogar.
‘Maith go leor,’ ar sí, ag iarraidh comhrá a bhaint asam gan trua, gan stad, mar a bhíos go leor gruagairí, ‘agus an bhfuil tú ag dul ar laethe saoire an samhradh seo?’
Bhí mé ag ceilt go raibh mé ag dul faoi scian ó go leor daoine ag an phointe seo –ó chomrádaithe san obair mar bhí mé ag iarraidh tearmann bheag faoisimh ón ghalar i rith an lae; ó mo mhac mar bhí Ardteist ar siúl aige (no way go raibh sé ag gabháil a chaitheamh sin imo choinne sa todhchaí) agus ó mo thuismithmitheoirí, mar bhí taom croí ag m’athair tamall ó shin.
Ach an cheist shimplí sin, ‘an bhfuil tú ag dul ar laethe saoire?’…’No,’… ba mhaith liom a rá, ‘bhí mé le gabháil go Galicia na Spáinne chun cúrsa thar cinn a dhéanamh, a raibh mo chroí istigh ann le fada, cúrsa míosa faoin ghrían is le neart fíon dearg’, bhí mé ag iarraidh a rá.
‘Ach tá deireadh leis sin,’ ba mhaith liom a rá, ‘mar fuair mé amach go bhfuil galar ionam a chaithfeas mé freastail air siúd ar dtús’, arsa mé i m’intinn, ‘agus tá an t-airgead caite ar eitiltí nach ndéanfar anois, agus mo shamhradh anois ina chiolar ciot. Agus mo shaol bunoscionn.’
Ach níor dhúirt mé sin. Lig mé cogar beag amach…’níl….tá mé ag dul faoi scian Dé Luain.’
‘Áááá! Cad tá siad ag dul a dhéanamh, a chroí?’
‘Díchíochú…’ arsa mise, iontas orm go bhfuair mé an focal amach tríd na beola tirime.
‘Maggie! Díchíochú aici seo Dé Luain! Gabh anall anseo agus inis di fá do mháthair mhór!’
Agus anall léi, Maggie na gruaige duibhe (le stríoca buí). Agus sheas an bheirt acu ar an dá thaobh, ag scileadh feasacht an tsaoil domh. Ailse cíche ag Grannie, agus ag Aintín Lily, agus ag an deirfiúr, Sharon. Cé acu a fuair bás, cé acu nach bhfuair bás. Agus bhí tae ann i lár a gcuid scéalta, agus Rich Tea.
Agus arsa Maggie, i ndiaidh liodán na ngaolta, ‘agus mise, bhuel, cuir do láimh ansin, a stór, tá cnapán chomh mór le liathróid gailf agam sa chíoch chlé, ach dar leis na dochtúirí nach bhfuil dochar ar bith ann domh.’ Agus thóg sí mo láimh go teann, gur chuir sí ar a cíoch chlé í, agus cinnte, bhraith mé an liathróid gailf.
‘Ach, sure, ní mar a shíltear bítear leis na bloody rudaí seo!’ ar sí, ag gáire.
Agus mhothaigh mé an cian agus an pian ag imeacht, mar bhí gáire agus pleisiúr ann don chéad lá ó fuair mé amach faoin bloody rud.

Agus sa deireadh, bhí dath rua nua agam, agus gruaig ghearr, loinnireach agam, agus neart tae agus brioscaí agam, agus croí i bhfad Éire níb éadroime agam ag dul amach an doras domh, le gach gáir fá ‘muide do ghruagairí anois!’ agus ‘bí ar ais anseo má bhíonn lomadh de dhíth ort ón chaemo!’, agus barróga, agus deora, agus cineáltas daonna.

Tá daoine saoithiúil. Dá gcasfainn ar mo bheirtse sna déaga, ar scoil, bheadh mo mháthair cinnte dearfa ag iarraidh orm coinneáil amach uathu. Bhí téarma againn do mhná mar siúd i mBéal Feirste, ‘muileach’. Ba é seo an t-ainm a thugtaí ar na mna a d’oibir sna muilte líneadaigh sna blianta atá thart. Caithfidh go raibh na mná seo dalba, bródúil, mar bhí siad ag saothrú a gcuid airgid féin. Ach faoi na seachtóidí agus mé ag fás aníos, thagair an téarma seo do chailín a chaith smideadh, a chuir dath ina gruaig, a chaith éadaí faiseanta, a chaith tobac agus….a rinne cuideachta le buachaillí. Mar gheall ar an pheaca dheireanach seo ann féin, ba bhocht an t-ainm é ‘muileach’ i measc sochaí chúngaigeanta dhocht an Tuaiscirt, agus níor dheas a leithéid a úsáid chun cur síos ar éinne.

Ach muiligh a bhí iontu seo. Bhí siad faiseanta (criosanna orthu in áit sciortaí, mar a deireadh m’athair), bhí boladh an tobac ar a méara, bhí na bréagsheoda ag loinnir ó áiteanna éagsúla ar a gcorp, agus ní rachadh aon bhean stuama amach leis an ghruaig a bhí orthu. Ach ar nós na chéad mhuileach, bhí siad cróga in aghaidh na coimhlinte, agus bhí siad ardaigeanta. Ní raibh aon chosaint ann in éadan a ndeathola, agus an rabharta grá a léirigh siad don stráinséar bacachanamach a tháinig isteach acu an lá sin.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.