Sunday 3 January 2010

Ar an bharda sceana


Bhí sé leaba sa seomra. Bhí Bairbre le mo thaobh, ag fanacht ar dhíchíochú, ar mo nós féin. Baintreach neirbhíseach, faiteach. Preisbitéireach. Bhí a paróiste ag guí ar a son, agus ar mo shon féin chomh maith, i ndiaidh an chéad chúpla lá inár luí taobh lena chéile, ag tacú lena chéile.
(SaorPhreisbitéireach a bhí in Sally, bean ó m’obairse. Agus bhí siad sin ag guí ar son an chailín udaí ó Bhóthar na bhFál fosta.)
Agus Maggie, ar an taobh eile den leaba, Anglacánach. Bhí m’ainmse ar a liosta siúd chomh maith.
Agus ar ndóigh, bhí rian na gcos scríobtha isteach in adhmad an urláir sa seipéal ag mo mháthair chuig altóir Naomh Iósaif , agus fortún caite aici ar na coinnle.
‘Labhróidh mé leis inniu fá sin’, arsa sí, nó, ‘Bhí mé ag caint le Naomh Iósaf inniu fút’. I ndiaidh na mblianta fada curtha isteach aici ar na glúine, ní nach ionadh go raibh sí féin agus é féin chomh mór sin le chéile.
Agus mise? Ní chreidim in aon Dia uilechumhachtach. Ach bhí gach féidireacht clúdaithe agam, i m’ainneoinse.….

An oíche roimh an scian ní raibh mórán fonn codlata orainn. Bhí Bairbre ag léamh a leabhar urnaí, bhí mé féin ag léamh Terry Pratchett.
Bhí Maggie istigh don dara huair, mar bhain siad cíoch amháin di…agus ansin tháinig siad ar ailse sa cheann eile le linn chaemo. Bhí sí féin ina codladh.
Trasna uainn bhí Lidia.
Lidia. Naoi mbliana déag, buachaillín ceithre bliana d’aois aici agus istigh sa bharda seo mar go bhfuair sí laghdú cíche roinnt seachtainí ó shin, ach go raibh ionfhabhtú de shaghas éigin ann, agus brach glas ag sileadh as. Bhí sí féin ina codladh sámh. Shíl mé go raibh sé íoróineach go rabhamar in aon seomra le bean a bhí ag coinneáil a cuid cích, agus muide ag fanacht ar an scian.

Is cuimhin liom go raibh mé istigh i mbarda in ospidéal máithreachais blianta ó shin ag fanacht ar mo chuid 'píobán' a fháil ceangailte, agus ag tnúth leis, mar nach raibh mé ag iarraidh a thuilleadh clainne. Agus bhí bean sa leaba trasna uaim, ag fanacht ar na 'píobáin' s’aici féin a fháil fiosruithe le go bhféadfadh sí oiread is leanbh amháin a thabhairt ar an tsaol. Agus thíos sa choirnéal bhí bean ann a thug páiste ar an tsaol ach nár mhair an páiste ach cúpla bomaite, ag gol is ag caoineadh.
Agus muid uilig in san aon seomra amháin.

Agus go beag san oíche roimh lá an sceana i mbarda na gcíoch, chuala mé osna lán caointe ó Bhairbre. Ach bhí sin alright, mar bhí mé féin ag caoineadh go ciúin chomh maith. Shín me amach mo láimh agus rug me greim ar láimh Bhairbre. Ag an nóiméad seo, bhí sí léi féin i leathdhorchadas an ospidéil agus neirbhíseach. Díreach mar a bhí mé féin.

An mhaidin dar gcionn, thóg siad mise ar dtús. Rinne siad magadh beag san obrádlann faoi cé acu cíoch a bhí le baint, an ceann deas nó an ceann clé. Nod don eolaí, a leáids – níl sin greannmhar!

Buíochas agus míle buíochas do na drugaí. Chaith mé cúpla lá ar scamall áit éigin idir Béal Feirste agus Béal an Mhuirthid. Ba chuma liom cá raibh mé – bhí mo chuid drugaí agam.
Tháinig gasúr Lidia isteach agus thóg sé raic, mar a dhéanann tachráin. Raic? Cén raic? Bhí drugaí agam.

Tháinig na ministirí isteach chuig Bairbre agus Maggie. Creidim. Bhí mo chuid drugaí agam féin agus níl an cuimhne róbheacht fán tréimhse sin.

An tríú lá, ar ndóigh, bhí na drugaí ag imeacht ó mo chóras. Agus bhí mo chorp ag casaoid dá réir. Díreach mar a dhéanann máthair nua leis na ‘baby blues’, thosaigh mé ag caoineadh, is ag caoineadh mo sháith ar an tríú lá seo. Bhí mé ag teacht ar an tuiscint go raibh cíoch in easnamh chomh maith, ainneoin gur dhúirt mo chloigeann liom in amanna go raibh sí ann fós. Mhothaigh mé meáchan nárbh ann a thuilleadh ar feadh tamaill.

Agus ar an tríú lá tháinig Sarah isteach sa bharda. Bean sna caogaidí a bhí inti, agus ar nós Lidia bhí laghdú cích aici a chuaigh go mór in aimhréidh. Bhí beirt chíoch aici a bhí chomh te le tinte an ‘Twelfth’. Chuir siad gaothrán leictreach taobh lena leaba leis an teas a bhí iontu a fhuarú. Bhí muid ag magadh faoi láidreacht a tinnis –
‘D’fhéadfá gabháil go barr an túir anseo agus luí ar do dhroim leis na cíocha sin atá ar lasadh agat’, a dúirt mé, ‘chun rabhadh a thabhairt d’eitleáin atá ró-íseal sa spéir!’
Phléasc muid amach ag gáire, Sarah chomh maith le cách.
‘Dá mbeadh na cíocha seo atá agam agaibhse….!’ a thosaigh sí a rá, agus ansin stop sí, dreach náire ar a haghaidh, ag amharc trasna ar an triúr ar an taobh eile den seomra, agus gan ach beirt chíoch idir an triúr againn…..agus phléasc muid amach ag gáire arís. Mar ag an phointe sin, cinnte nach raibh aon duine den triúr againn ag iarraidh na mball trioblóideach sin a bhí aici.
‘Ha-ha-ha’, ar sí,’má tá sibhse chomh glic sin, bíodh agaibh. Tá mé féin ag gabháil síos staighre le haghaidh fag.’
Agus síos léi agus amach doras tosaigh an ospidéil, ag brúígh roimpi ceann de na seastáin sin ar rothaí a dháil a cuid frithbheathach infhéitheach di le láimh amháin, an bosca fags sa láimh eile. Sheasadh sí ansin faoin aer, ag caitheamh is ag comhrá le lucht caite tobac ó na bardaí eile, iad féin agus a gcuid troscán féin, idir cathaoireacha rotha, seastáin leighis, plástar, croisíní, oxygen masks…

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.