Saturday 9 January 2010

Samhradh

Chuaigh mé faoi scian ag deireadh Mheithimh nuair a bhí na laethe fada agus aimsir thirim againn ar feadh scáthaimh. I rith an tréimhse idir an scian agus an chaemo bheartaíomar dul faoin tuath, ar feadh deireadh seachtaine, go Cill Mhantáin.

Stopamar in óstán ársa, ciúin. Agus ní raibh faic le feiceáil ach málaí lán coillte. Bhí abhainn ag caismirnigh síos le taobh an fhoirgnimh, agus ba é an monabhar sin an t-aon rud a bhí le cluinstin ón taobh amuigh. Sin agus piasún amuigh i measc na gcrann.

Bhí an samhradh seo an-difriúil ón chúpla samhradh a bhí agam le roinnt blianta anuas. Ó d’éirigh na páistí mór go leor, bhí nós agam cúrsa a dhéanamh sa Spáinn le mo chuid Spáinnise a athnuachaint agus le snas a chuir uirthi Bhínn marbh ag teas na maidine, ag iarraidh fanacht múscailte sna ranganna. Bhínn i dtaithí ar bhia áitiúil a ithe le cibé teaghlach lena raibh mé ag stopadh i lár an lae. Bhínn cleachtaithe le teas ollmhór, siestaí, turais chun éirí eolach ar ailtireacht, iarsmaí agus ealaín sna tráthnónta. Bliain amháin, chuaigh me go Costa Rica agus d’éirigh me eolach ar nathracha sna sráideanna, crocaidíleanna sna haibhneacha, glasanna agus gunnaí i dtithe, ollbhochtanas agus ollshaibhreas, pónairí agus rís gach lá, gach béile, agus uaisleacht in aghaidh thurasóireacht chraosach an chéad domhain.


Agus i mbliana? Madaidh rua, piasúin, agus tinte móna. Agus bhí mé sásta.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.