Monday 18 January 2010

Comhrá liom féin

Tá sé deacair nuair a bhaineann siad cíoch díot. Ha, tá sibh a rá, i ndáiríre? Ach tógann sé tamall teacht i dtír ar an chorp atá fágtha agus an falsie is fearr a oireann. Ba chuma liom fán falsie ag an tús ach tá sé de dhíth le mo mhatáin a choinneáil cothrom ar dhá thaobh mo dhroma. Fiú leis an mheáchan breise le cothroime a chothú éiríonn na matáin ar an taobh ‘slán’ nimhneach mar gheall ar mé bheith ar leathbhrollaigh. Tá falsie de dhíth.

Agus tá sé deacair teacht ar na falsies féin, agus cíochbheart cuí. Is beag siopa a choinníonn iad, agus tú lágbhríoch agus ag iarraidh fanacht gar don bhaile lena chois. Chuaigh mé isteach chuig an ‘M & S’ is gaire domh i mBaile Átha Cliath ag iarraidh cíochbheart cuí a cheannach, ceann le póca beag leis an falsie a fheistiú i gceart. Chuartaigh mé freastalaí a raibh cuma stuama uirthi leis an cheist a chur, don chéaduair ariamh imo shaol:
‘Gabh mo leithscéal, tá mé ag cuartú cíochbheart le póca, do mhná díchíochaithe?’
Stán sí orm ar feadh cúpla soicind, agus d’iarr sí pardún, ‘an bhféadfá sin a rá liom arís?’
‘Cíochbheart le póca, le do thoil, bhí díchíochú agam agus tá cíochbheart speisialta agaibh do mo leithéid.’
‘Ó, bhuel, caithfidh mé a chinntiú cad é an scéal, ní dóigh liom go gcoinníonn an siopa seo iad.’
Agus away léi, agus mise fágtha idir an cíochbheart spóirt agus na frilly knickers, cinnte go raibh gach bean sa siopa ag cur cluas uirthi féin.
Tháinig an freastalaí ar ais. ‘Níl siad sa siopa seo. Caithfidh tú dul go Sráid Anraí’
Lár na cathrach. Seacht míle, carr nó bus agus scaiftí ag brú orm istigh ann. Ba bheag go raibh mé in inmhe ag spaisteoireacht leathuaire san ionad siopadóireachta seo, gan trácht ar aistear go lár na cathrach.
Bheartaigh mé suí ag an ríomhaire, agus d’ordaigh mé na baill éadaigh cuí ansin. Compordach, ciúin, ar mo shuaimhneas.

Cad a dhéanann na mná sin atá gan idirlíon? Níor shiúil mé isteach i siopa ó shin chun a leithéid a cheannach, nó chun falsie iontach a cheannach a bheir siad ‘been-a-boob’ air (mála pónairí atá ann)…acmhainn grinn ag duine éigin ansin. Ach cad a dhéanann mná atá gan idirlíon? Má mhothaigh mise truamhéileach tréigthe sa siopa sin an lá sin, ag smaoineamh ar bhus go lár na cathrach, caidé mar a mhothaíonn mná atá i bhfad amach ó sheirbhísí, ó shiopaí agus gan acmhain an ghréasáin acu?

Idir an da linn, bhí an samhradh linn, séasúr na gréine agus nochtú craicinn. Thog mé amach mo chuid éadaigh shamhraidh agus chuaigh tríd na balcaisí ar fad oíche amháin.

Ó-bhó. An gúna samhraidh is deise, is compórdaí agus is gálánta a bhí agam. Agus bhí an muineál ró-íseal don bhean leis an chorp nua….leis an chorp éagothrom. Bhí Úna ag dul a bheith gan gúna anois…

Agus lean mé liom tríd an mhála dubh plaistic. Líon mé mála eile dubh plaistic do Women’s Aid. Tá sé deacair go leor éadaí fóirsteanacha a aimsiú agus tú beag ramhar, ach beag ramhar agus ar leathbhrollaigh? Chaith mé amach ball i ndiadh baill de na héadaí seo. Amach ó mhala amháin go mála eile. Bhí agus tá nós ag mo falsie suí i gceart ag tús an lae ach bogadh thart agus gobadh amach faoi dheireadh an lae. Muinéil-V…amach leo. Muinéil ísle….amach leo. Muinéil d’aon tsaghas a bhí tarrantach do bhean bheag ramhar le smigeanna? Amach leo.

Agus bhí gúnaí ann gur chaith mé an-chuid. Agus léinte nár chaith mé ach uair amháin, nó nár chaith mé ar chor ar bith go fóill. Bhuel, ní chaithfinn anois iad. Agus dar liom nach gceannófainn aon rud riamh arís gan a chaitheamh láithreach, agus nach bhfanfainn ar an ócáid chuí do na héadaí deasa níos mó. Bheadh gach lá ina lá d’éadaí deasa as seo amach.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.