D’inis an bhanaltra ailse san ospidéal domh faoi Theach MacMillan. Teach ailse. Bhuel, teach a sholáthraigh seirbhísí do lucht ailse agus dá gclann agus dá gcairde – comhrá, comhairle agus comhairliú, agus rudaí eile leis. Agus níor mhothaigh mé aon ghá le dul isteach ar dtús. Ní raibh sé seo uilig ag tarlú, an raibh? De Nyall – abhainn san Éigipt. Ach tháinig an lá go bhfacthas domh gurbh fhiú domh fáil amach cad a bhí á thairiscint acu. Ag an am, bhí mé ag ceilt na fírinne ó mo pháistí, mar go raibh Ardteist ag duine acu, agus ó mo thuismitheoirí, mar go raibh duine acu san ospidéal le taom croí, agus ón obair, mar ní raibh mé in ann na focail a rá leo go fóill. Bhí mo ghuaillí trom leis an ualach agus lá de na laethe fuair mé mé féin ar leac an dorais ag MacMillan. Ní raibh a fhios agam cén fáth go díreach, ag an am, ach sheas mé taobh amuigh de na doirse gloine ar feadh cúpla soicind. Imo chroí istigh, bheadh an rud seo ar fad chun tarlú, i ndáiríre, dá siúlfainn isteach.
Agus ní luaithe isteach an doras liom ón tsráid ná bhris an gol orm. Sa deireadh, áit a bhí ann nár ghá domh aon chur i gcéill, aon ghá bheith láidir. Lár an urláir sa reception, ag caoineadh mo sháith roimh stráinséirí. Ach ní stráinséirí a bhí iontu ar feadh i bhfad. Fuair mé tuiscint ansin, agus comhrá. Agus de réir mar a scaoil mé focail leo siúd in MacMillan, fuair mé misneach leis na focail a rá sna réimsí eile sin de mo shaol chomh maith.
Rinne mé freastal ar roinnt imeachtaí a bhí acu le linn chaemo agus radaiteiripe – teiripe ealaíne, teiripe léirshamhlaithe, teiripe hiopnóise, ióga, comhairliú, reifléacseolaíocht, réicí, tai-chi….agus iad uilig dírithe ar dhaoine le hailse, iad uilig saor in aisce. Bhain mé triail astu uilig agus d’aimsigh mé na cinn a raibh mé báúil leo. Tá a leithéid ar fáil sa Deisceart chomh maith, ach go gcuireann siad Ionaid ARC orthu.
Rinne an fhoireann san ionad ar Bhóthar Lios na gCearrbhach i mBéal Feirste an turas níos compórdaí. Fuair mé só gan trua ann. Milleann trua gach caidreamh a bhíonn ag othar ailse. Tá roinnt caidrimh a thagann ar ais chun cinn arís de réir ama, agus tá roinnt caidrimh agus cairdis nach maireann faoi thuile an trua. Ní chuidíonn trua le aon rud a chur chun cinn. An duine folláin a mbíonn trua acu don duine le hailse, tá an lámh in uachtar acu mar gheall ar bheith folláin, i ngan fhios dóibh féin. An duine le hailse a bheir trua dhaoine eile faoi deara, is ualach breise é le hiompar ar a mbealach. Bhí an Teach seo gan trua, ach ní gan trócaire.
Cheannaigh mé bréagfholt go deas príobháideach ann. Gach duine a d’oibir sa Teach, bhíodh ailse orthu. Is amhlaidh a bhí do bhean na gruaige. Rinne sí a jab go trócaireach, cumasach.
Fuair mé comhairliú oilte, tuigseach ann. Bhíodh ailse ar an chomhairleoir s’agamsa, ach comhairleoir traenáilte, cáilithe a bhí ann i bhfad roimhe sin, sular bhuail an galar é. Agus, ar ndóigh, bhí léargas thar an mheán aige siúd ar na céimeanna éagsúla a ndeachaigh mé tríothu, mar chuaigh sé féin tríd a bhformhór acu siúd é féin.
Bheinn lán chomh folláin imo chorp, is dóigh, gan MacMillan, ach ní bheadh an sláinte intinne agam.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.