Thursday 21 January 2010

Bearradh

Thuig mé go raibh mo ghruaig le himeacht leis an chaemo. Sa chóras sláinte ó thuaidh, tá deontas ann le haghaidh folt bréige a cheannach. Mar sin de, shiúil mé isteach i dTeach MacMillan lá amháin le mo choinne a choinneáil leis an ghruaigeadóir acu siúd. Réitigh muid stíl, dath, fad agus saghas (sé sin, saor, measartha daor nó an-daor ar fad ar fad.) D’íoc mé féin a leath den phraghas iomlán, d’íoc an deontas as an leath eile. Bheadh sé aici domh taobh istigh de chúpla lá.
‘Cé mhéad ama a bheas agam sula dtitfidh an ghruaig amach?’ arsa mise
‘Ocht lá déag’ ar sí.
Bhí iontas orm a bheacht is a bhí sí.
‘Bhuel, is mar sin a tharla sé liom féin, agus is mar sin a tharlaíonn sé le go leor de na mná a thagann isteach chugam.’ a mhínigh sí.
D’fhéach mé ar an bheainín seo, gan rian de thinneas uirthi.

Agus is mar sin a bhí. Ar an seachtú lá déag i ndiaidh mo chéad chúrsa chaemo mhúscail mé agus bhí fréamhacha mo ghruaige sa bhlagaid féin pianmhar. Bhí mo ghruaig – gearr is a bhí sí – ró-throm don chraiceann ar mo cheann. Nó b’fhacthas domh mar sin é.

Ní insíonn duine ar bith ná leabhar ar bith ná leathanach idirlín ar bith duit go mbeidh sé pianmhar. Sin an fáth nár fhan mé ar an ghruaig féin titim amach ina nglaic, mar a chonaic mé ar an teilifís.
Mar ar an ochtú lá déag i ndiaidh an chéad chúrsa a fháil bhí an pian mo chuir soir. Bhuail mé isteach chuig comharsan agus d’iarr mé rásúr leictreach ar iasacht, a d’úsáid sí lena fear chéile agus lena mac. Thairg sí domh an rásúr sa bhosca, agus bhrúigh sí mála plaistic isteach sa láimh eile. Buidéal fíon dearg.

Imo shuí sa chistin liom féin, d’oscail mé bosca an rásúir agus bhain mé an clár den bhuidéal. Deoch, baint, deoch, baint, deoch, baint. Le siosúr ar dtús, le bunús na gruaige a bhaint. Ansin leis an rásúr, agus ansin arís eile leis an socrú is lú. Ribí ag titim go dlúth ar an pháipéar nuachta a leag mé ar an lino.
Ghlan mé an rásúr, chuir mé ola air agus ar ais sa bhosca leis. D’fhill mé an páipéar nuachta lán gruaige isteach air féin agus chaith mé mo ribí uilig go léir sa bhruscar. Chuir mé orm scairf. Agus chríochnaigh mé an buidéal.

Ní raibh sé de mhisneach agam féachaint orm féin sa scáileán an oíche sin. Ainneoin go raibh mé ullmhaithe don phointe seo sa turas, mar a chreid mé, ghoill an bearradh seo agus an caillteanas a bhain leis go mór orm, i bhfad níos mó ná an cíoch a chaill mé. Bhí mé in inmhe féachaint ar mo chorp ón chéad lá i ndiaidh na hobráide. I rith míonna uile an chaemo, níor éirigh mé compórdach ariamh leis an bhlagaid.

Chaith mé an folt bréige go leor ag an tús, agus ina dhiadh sin tháinig mé ar scairfeanna a dhéantar sa Spáinn a nglaoitear ‘buff’ orthu. Tá na scairfeanna seo de dhéanamh speisialta le cur ar do chloigeann, agus suíonn siad go deas néata ann. Is mór an gar iad, már tá siad tarrantach, áisiúil. Agus bhí mé amscaí go maith ag ceangail bloody gnáthscairfeanna. Bheadh snaidhm áit éigin thart ar m’imlinn in áit bheith a chúl mo chluaise.

De réir mar a éiríonn daoine tinne cleachtaithe le coincheap an ghalair, a deir na saineolaithe, is amhlaidh nach gá fearas taca ar nós bréagfholt níos mó, agus fágann siad a leithéid ina ndiaidh. Mar sin a bhí mé féin. Bhí mo chuid ‘buff’ agam agus níor úsáid mé an bréagfholt mórán i ndiadh an tríú chaemo. Ach níor éirigh mé ariamh chomh cleachtaithe sin leis an bhlagaid is go ligfinn mo cheann nocht os comhair mo pháistí. Ní maith le haon mhamaí trua ná pian a fheiceáil i súile a cuid clainne.

Síleann daoine go dtiteann an ghruaig amach agus gur sin sin go dtí go bhfuil deireadh leis an chúrsa chaemo ar fad. Ní hamhlaidh atá. Tosaíonn an ghruaig ag fás ar feadh roinnt lá gach cúrsa chaemo, go dtí go máraítear an fás nua ag dáileog eile chaemo ar an ochtú lá déag den chéad chúrsa eile. D’fhág sé seo go raibh coinleach beag bídeach ag titim ar ar mo philiúr i rith an ama.

Ach níl insint ar an dúlagar a mhothaíonn bean - agus go leor fear, tá mé cinnte – nuair a chailltear an ghruaig go hobann. Nuair a bhí mé in inmhe féachaint orm féin sa deireadh sa scathán, shíl mé gur ag amharc ar sheanfhear beag ramhar a bhí mé. Baineadh féiniúlacht díom i m’intinn-se, rinneadh dochar do mo mhuinín, bhí mé ag iarraidh mé féin a cheilt, nach bhfeicfeadh duine ar bith an créatúr ait, éagruthach seo.

Agus de réir mar a thit na malaí amach, fágadh m’aghaidh gan sainiú, gan teorainn de shaghas ar bith. Ní raibh a fhios agam cár thosaigh m’aghaidh agus cár stop mo chloigeann. Bhí sé mar a bheadh mo chorp ag leá, ón bharr anuas, agus mise leis.

Tá an ghruaig gann i gcomparáid leis an ghruaig a bhí agam roimh chaemo, anois féin, bliain i ndiadh domh stopadh den chaemo. Ach tá sí ann. Is iad na malaí is maille a d’fhás, agus cuma ghiobalach orthu ar feadh i bhfad. Agus is iad na ribí ar mo ladhar mór ar mo chosa is túisce a d’fhás. Hobbit feet ar ais…..

1 comment:

  1. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.