Bhí mé ag cur fúm in árasán ar an cheathrú hurlár i mBéal Feirste, an-ghar don ollscoil, le linn chaemo. Agus mar a tharla, an-ghar don ospidéal ailse. Chaith mé am idir mo bhaile (Leamhcán i mBaile Áthe Cliath) agus Béal Feirste, m’áit oibre agus mo bhaile dhúchais. Nuair a fuair mé amach faoin ailse, chuaigh rudaí ó mhamagram go hultrafhuaim go bithóipse go scian chomh gasta sin is nár bhac mé le hathrú go hospidéal i mBaile Átha Cliath. Bhí cúpla fáth ann. Bhí mé sa chóras sa Tuaisceart. Bheinn ag fanacht tamall dá n-athróinn go dtí an Deisceart, sula mbeinn súite isteach sa chóras ansin. Agus bhí a fhios agam go bhfaighinn scoth leighis go poiblí san Ionad Ailse ó thuaidh, ar chomhchéim lena bhfaighinn go príobháideach ó dheas. Agus nach mbeinn ag fanacht. Bhí sin tábhachtach, mar bhí an dubheagla sin orm is a thagann ar dhaoine nuair a chluineann siad an focal áirithe sin, ‘ailse’.
Bhí mé gar don ollscoil, agus bhí mé san árasán liom féin cuid mhaith den am. Bhí m’fhear chéile i ndiaidh iomarcaíocht a fháil óna chuid oibre ag an am céanna is a chuaigh mé féin faoi scian, agus bhí sé ag cuartú oibre sa bhaile. D’fhág sé sin ar mo chonlán féin mé cuid mhaith den am, agus bhí uaireanta ann minic go leor go mbíodh uaigneas orm. Bhí nead beag agam in airde an tí, ar an urlár ag barr an fhoirgnimh, gan aon scalltán ná páirtí agam. Leabhair, teilifís agus idirlíon mo chuideachta, agus deirfiúr nó deartháir ag bualadh isteach chun súil a choinneáil orm agus tamall comhrá a dhéanamh, nó corrchara ó m’áit oibre.
Meán an Fhómhair, tháinig na mic léinn ar ais don chéad téarma den bhliain nua. Bhí an foirgneamh beagnach folamh seachas mé féin agus cúpla duine eile i rith an tsamhraidh, ach go tobann líon an t-aer taobh amuigh agus istigh le glórtha agus le fuadar. Iad uilig ag súil leis an bhliain nua, le bualadh le cairde idir nua agus sean, an saol ag spréadh amach rompu. Bhí an t-aer lán d’fhuaimeanna an téarma nua. Bhí Methody, scoil mhór mhíofar trasna uaim, líonta le taoide éidí scoile agus daoine beaga is daoine móra.
Agus don chéad uair leis na blianta, ní raibh mé mar chuid den taoide seo. Don chéad uair leis na blianta, níor thriail mé ar scoil ná ar ollscoil in éineacht leis na dreamanna éagsúla seo. Bhí mé díomhaoin, lag, tinn. Bhí folús ann le líonadh, agus mé ag éisteacht leis na glórtha óga bríomhara le cumha agus le héad, ach gan acmhainn agam chuige ag an nóiméad sin.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.