Wednesday 3 March 2010

Múscailt

Bhí mé ag taisteal cuid mhór idir m’áit oibre Béal Feirste, agus Baile Átha Cliath, m’áit cónaithe. Bhí m’fhear chéile ag taisteal idir an dá bhaile chomh maith, agus é díomhaoin ón obair, mar gur theip ar an chomhlacht cúpla mí roimhe. Rugadh agus tógadh sa Tuaisceart mé, ach bhí níos mó de mo shaol caite agam ag an phointe seo ó dheas ná ó thuaidh.

Agus ná habródh duine ar bith leat gurb ionann thuaidh agus theas ar an oileáinín seo! D’fhág plandáil agus rialú na Breataine a rian ar na contaethe siúd. Tá an ailtireacht níos dírí agus níos géire ná ailtireacht an deiscirt. Bíonn daoine ag amharc ar chláir nuachta áitiúla agus ón Bhreatain leis, agus is beag aird a thugtar ar na cainéil dheisceartacha. Léann siad na nuachtáin áitiúla, ach léann siad leithéidí an ‘Daily Mail’ níos minicí ná an ‘Irish Times’. Tá (roinnt de!) na siopaí, beag agus mór, ar na siopaí ón Ríocht Aontaithe nach bhfeictear ó dheas, ar nós BHS agus Littlewoods agus Greggs. Tá an t-airgead féin eagsúil, ainneoin is go nglacann formhór na siopaí móra leis an euro sa lá atá inniu ann. Ní thuigeann daoine ó thuaidh cén fáth a bhfuil tuarastail an deiscirt chomh hard. Tá siad cleachtaithe le cáin íseal, dochtúirí nach n-íocann tú, drugaí nach gá íoc astu, saoroideachas atá saor i ndáiríre, córas slainte a fheidhmíonn mar is ceart, táillí ísle fiaclóireachta, praghasanna ísle bi/árachais/mótair…..

Agus fiú leis na buntáistí ar fad, tá easaontas agus fadhbanna féiniúlachta go smior ann. Is cuimhin liom páirt a ghlacadh i gclár ‘Léargas’ sna seachtóidí, agus thuar mé nach bhfanfainn sa tuaisceart nuair a bheadh faill agam imeacht ó dheas. Níor chuimhnigh mé air sin agus mé réidh leis an ollscoil, céim faoi m’ascaill, gan jab agam mar gheall ar m’ainm bheith i nGaeilge agus céim sa Ghaeilge agam. Ní nach ionadh gur thainig an tuar faoin tairngreacht nuair a fuair mé jab mar fheighlí páistí i mBaile Átha Cliath!

I ndiaidh tamall de bhlianta ó dheas, mhothaigh mé só anama nár mhothaigh mé sa bhaile. D’fhás mé aníos le linn na dTrioblóidí, ar ndóigh, i gcroílár na coimhlinte ar Bhóthar na b hFál I mBéal Feirste. Dódh busanna agus carranna, scaoileadh saighdiúirí, pléascadh buamaí agus caitheadh ‘molotov cocktails’ díreach taobh amuigh den gheata. Ach bhí blianta suaimhnis agam chomh maith, ar Ollscoil Chúil Raithin, ag cur fúm i mbailte beaga Phort na Binne Uaine agus Phort Rois. Is beag raic a tógadh ansin ariamh i rith an gheimhridh ag na mic léinn, seachas ag teacht amach as teach tábhairne na hAncaire nó Tigh John Eddie ag deireadh na hoíche.

An easpa d’ualach a bhraith mé imo chónaí cois farraige, tháinig sé ar ais chugam i mBaile Átha Cliath.

An lá áirithe seo bhí mé ag triail aduaidh ar Bhaile Átha Cliath. Bhí mo chéile ag tiomáint an chairr, mise ag titim imo chodladh taobh leis. Bhí an lá gruama, fliuch, spéir liath scamallach salach os ár gcionn.
De phreab, mhúscail mé taobh amuigh d’Iúr Cinn Trá. Bhí an spéir ag glanadh agus dhá thaobh an bhóthair ag dul i nglaise. D’athraigh na comharthaí bóithre ó ghorm go glas, bhí fálta ann in áit ballaí stroighin, agus dreach na tíre ag éirí níos deise. Taitníonn an tír thart ar an cheantar sin go mór liom – sléibhte Mhorna agus contae Lú. Tchím ridirí na craoibhe ruaidhe i m’intinn, ag rith i measc na gcnoc is na gcrann. Níl aon radharc tíre níos áille ar an oileán ná an ceantar seo, dar liom.
Agus an lá seo, bhí mé ag teitheadh ó choimhlint an phobail, agus ón ospidéal agus gach ar bhain leis. Ar feadh tamaill.

Bhí dathanna chun tosaigh an lá seo. Comharthaí bóthair ag athrú ag dul trasna an teorainn, an aimsir ag feabhsú agus dathanna na spéire leis, athrú i ndreach tíre, i nduilliúr agus díog, ag iompú ó liath go glas. B’ionann agus fuinneog bheag san intinn í, agus mhothaigh mé beocht ag teacht ar ais sna cnámha. Ach faraor géar, faoi Dhroichead Átha bhí mé ag titim imo chodladh arís!

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.