Friday 12 March 2010

Folt



Bhí mé chomh maol le hubh, ach cén dochar, a deireadh daoine? Nach raibh bréagfholt agam níos fearr ná an ghruaig a bhíodh agam? Agus an folt sin orm i gceart agus an ghruaig tite amach agam féin, ghearr an gruaigeadóir in MacMillan é, agus shocair sí gach ribe den fholt bréige sin go dtí go raibh sé foirfe.

Díreach… Mar a bheadh, agus mé ag teacht amach as siopa ghruaigeadóra i ndiaidh triomú agus smúdáil agus cíoradh. Agus a d’fhanadh díreach i dtólamh.

Loinnireach… Mar a tharla nuair a chaith tú airgead agus am ar mhaisiú. Agus lonnir a thagadh ar ais i ndiadh baisteadh gasta le fabric softener.

Dathanna lowlights agus highlights… a chosnódh fortún in aon salon gruaigeadóireachta, agus a mhairfeadh go deo.

Cruth… nach bhfásadh as alt taobh istigh de chúpla seachtain.

Foirfe…

Ach faoin iontas iontach seo, bhí mé maol. Ní raibh crot na cruth orm. Bhí mo chloigeann nocht, gan folach gan fionnadh.
Agus ní amháin go raibh mo chuid gruaige imithe ó mo chloigeann, ach thit an ghruaig uilig go léir i ngach ball de mo chorp amach – síos féin go dtí na ribí ar na ladhara a chráigh mé le fada! Ach ar an drochuair, d’imigh na malaí ó na súile. Agus nuair a d’imigh siad sin, d’imigh an féiniúlacht agus an caractar as m’aghaidh, dar liom. Níor chosúil le duine mé, ach corp, gan mala gan ribe.
Nuair a d’éirínn i lár na hoíche, d’fheicinn mo scáthchruth in éadan balla an tseomra suí, agus níor aithin mé é sin féin, ach chonaic mé taibhse de sheanfhear beag maol.
Nuair a d’fhéach mé ar an scáthán ar maidin nó san oíche – agus sheachain mé scátháin – chonaic mé strainséir. Má bhí mé maol, bhí mé inaithnid, gan ribe orm. Má bhí an bréagfholt orm, bhí mé ró-fhoirfe, gan ribe as alt.
Nuair a théinn amach i measc daoine, bhí mé de shíor ag cinntiú go raibh an wig díreach. Arís is arís eile. Is arís eile.

D’éirigh mé eolach ar dhaoine eile a bhí ag caitheamh bréagfhoilt a aithint ar an tsráid, nó san ospidéal. Bhíodh an ghruaig orthu foirfe, mar a bhí agam féin.

Nuair a d’éirigh na laethe fuar agus gairid, fuair mé amach go raibh an bloody rud fuar leis, níos fuaire ná mo ghruaig féin. Agus bhí leisc orm hata a chaitheamh, ar eagla go dtiocfadh an bréagfholt díom agus mé ag baint díom an hata.
Bhain mé triail as scairfeanna. Agus tá daoine ann, chonaic mé iad sa chlinic chaemo, a chaitheann scairf go galánta, nádúrtha. Ach níl mé féin ar cheann acu sin, faraor. Achan uair gur bhain mé triail as snaidhm a chur i scairf, ba chosúla le tachrán ag súgradh le héadaí a mhamaí mé ná duine fásta. Scaoileadh an snaidhm dá dheoin féin, nó bheadh an t-éadach in aimhréidh, nó bheadh píosaí ag gobadh amach áit nár cheart.Ansin, tháinig mé ar rud ar an idirlíon darb ainm ‘buff’. Feadán soshínte d’éadach daite, a chaith lucht mótar-rothair agus surfála. Agus shuigh sé i gceart orm, agus níor ghob sé amach. Agus fuair mé hata te teolaí le cur ar a mhullach amuigh faoin aer…


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.