Fuair m’fhear chéile cuireadh chuig cóisir théamh tí agus bhí mé i lár mo ‘sheachtain mhaith’ den chúrsa chaemo. Bheartaigh mé dul leis. Bheadh aithne agam ar go leor daoine ann.
Maith go leor. Landáil muid isteach chuig an teach nua agus bhí sé chomh deas fáil amach as an teach agus bheith i measc daoine! Sa dóigh is nach seasófainn amach sa slua bhí an bréagfholt orm. Agus smideadh. So there.
Tháinig Caitlín trasna chugam, deirfiúr bhean an tí.
‘Tá cuma ar dóigh ort! Nach snasta do ghruaig!’
Caithfidh mé a admháil, rinne an gruaigeadóir in MacMillan jab maith den bhréagfholt. Bhí sé níos foirfe ná mo ghruaig féin ar an lá is fearr ariamh. Agus thosaigh Caitlín ag déanamh a mhór de, go dtí gur éalaigh mé go dtí an tolg.
Bhí bean óg ina suí ann, nach raibh aithne agam uirthi.
‘Haigh! Mise Linda! Is cara le Sinéad mé!’
Agus thosaigh mé ag caint le Linda. An teach nua gleoite, polaitíocht, judo (ní cuimhin liom cén dóigh ar tháinig judo isteach sa scéal, ach ba ghnáth linn beirt gabhail dó!), eacnamaíocht na tíre, mo pháirtí, a páirtí, ….
Sa deireadh d’imigh sí anonn chuig grúpa sa choirnéal, agus chuaigh mé siar chuig daoine eile in coirnéal eile.
‘Haigh!’
‘Haigh! Ó nach álainn do ghruaig!’ Agus sonc óna huillinn imo thaobh. ‘Ach cogar;’ arsa Ana, ‘conas a mhothaíonn tú? Créatúirín! ‘mbíonn múisc ort? ….’
Ceisteanna fán tinneas, ach gan éisteacht leis an fhreagra. Tháinig daoine eile trasna chugainn agus bhí tuilleadh ceisteanna, tuilleadh cúlfhéachaint ar mo ‘ghruaig’, ar mo bhrollach, ar mo chorp…
Ansin tháinig Maria isteach an doras chuig an chóisir. Rinne sí tamall comhrá leis an duine seo, leis an duine siúd…agus ansin fuair sí spléachadh den dream ina raibh mé. Caol díreach orm í, mar a dhíríonn an siorc ar a chreach, rug sí greim ar m’uillinn agus tharraing sí isteach i gcoirnéal.
‘Tá tú chomh cróga teacht! Chomh calma! Agus do ghruaig – breagfholt, is dóigh – an miste leat?’ ar sí, á chuimilt lena dhá laimh. ‘Ó tá tú chomh cróga! Bhí mo mháthair mhór cróga freisin, go dtí an lá go bhfuair sí bás ón ailse!’ Agus bhris sí amach ag gol is ag smeacharnaigh, go dtí sa deireadh tharraing duine éigin díom í.
D’éalaigh mé trasna go dtí cailín anaithnid an judo ar an tolg. Shuigh mé síos taobh léi agus thosaigh muid ag caint ar an pholaitíocht. Agus cúpla gloine breá mór fíona istigh inti, d’fhéach sí orm agus dúirt, ‘is breá liom do ghruaig!’
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.