Monday 22 March 2010

Focla


Is deacair teacht ar fhocail atá fóirsteanach do dhuine atá go dona tinn. Níor mhothaigh mé féin suaimhneach le daoine tinne sular bhuail mo shealsa féin mé. Ach le mbur dtoil…..seachnaigí ‘tá mé ag smaoineamh ort’, agus ná habair agus ná téacsáil ‘má thig liom rud ar bith a dhéanamh duit’.
Sa chéad dul síos, is ionann ‘tá mé ag smaoineamh ort’ agus ‘níl an t-am agam bualadh amch chugat’. Agus sa dara dul síos, is ionann ‘má thig liom rud ar bith a dhéanamh duit’ agus ‘ní chluinfidh tú uaim arís, mar dá mbeadh fúm rud ar bith a dhéanamh duit bheinn á dhéanamh, ní bheinn ag cur bloody téacs chugat’.
Níl ach áit amháin do na focail – ido bhéal, ag caint díreach leis an té atá tinn. Agus tá neart gur féidir a dhéanamh do dhaoine atá ag dul faoi chaemo:
Béilte beaga blasta a dhéanamh réidh don fhuaradán (ní bhíonn mórán goile ar an chaemodóir, ach is gá bolgaim bheaga rialta).
Líreacáin siocaithe a cheannach chun an drochbhlas sa bhéal a dhíbirt.
Éide don chloigeann nocht a chuartú (hata nó buff).
Uachtar deas craicinn gan parabens gan sls-anna, gan cumhra, gan taláit a bhronnadh ar an chaemodóir (éiríonn an craiceann an-tirim ar an chorp ar fad, agus go háirithe ar na cosa).
Balsam béil gan parabens srl. do na beola.
Bláthanna.
Ceol. Dlúthdhiosca, nó líon mp3 leis an cheol is ansa leis an duine tinn.
Cipíni éimir (éiríonn na hingne tirim, ramhar, sobhriste).
Leabhair. Leabhair ghreannmhara, nó leabhair lán puzail nó dvd greannmhar leis na hionoirfine a ardú.
Blaincéad bog. Bíonn sé sárúsáideach don tolg nó don chathaoir uilinn.
Leathuair ag glanadh an tí. Nó ag smúdáil, nó ag garraíocht, srl. D’fhéadfaí cúpla dearbhán a dhéanamh amach ag geallstan ama agus saothair thart fán teach thar am.
Pitseamaí. Bíonn pitseamaí nua i gcónaí deas don té a chaitheann cuid mhór ama iontu.
Cluichí láimhe ar nós Nintendo DS.
Leabhair ar dhlúthdhiosca nó ar mp3.
Albam grianghrafanna pearsanta.
Scuab fiacla le guairí boga agus folcadh béil gan alcól (bíonn na drandail soghortaithe).
Éadaí ar nós stocaí deasa, ‘hoodie’, bríste ‘trackie’, fleece. Má bhíonn am le caitheamh san ospidéal, bíonn aleithéid inmholta don duine tinn, in áit an t-am ar fad a chaitheamh in éide codlata.
Masc súl don chodladh, leis an solas a choinneáil amach.
Nuair a bhí mé tréimhse seachtaine san ospidéal le neodraipéine, thagadh mo dheartháir isteach chugam gach tráthnóna le hanraí te bailedhéanta agus arán cruithneachta. Mmmmmmm….
Aon rud a léiríonn go dtuigeann tú go bhfuil an chaemodóir i gcruachás, fiú muna dtuigeann tú an cás féin.
Agus má dhéanann tú téacsáil, bíodh an téacsáil gealgháireach, gníomhach.
…agus ná habair ‘tá mé ag smaoineamh ort’.
P.S. Dúirt duine éigin go raibh leaigheas ailse ar nós bheith ag iompar clainne. Tógann sé timpeall naoi mí, bíonn múisc ort, bíonn sé deacair dul chuig an leithreas, seans go gcuirfidh tú suas meáchan, agus sa deireadh bíonn babaí maol mar thoradh ar an rud ar fad.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.