Rugadh agus tógadh sa Tuaisceart mé, ach chaith mé mo shaol mar dhuine fásta sa Deisceart. D’fhág sé seo a rian ar mo bhlas, ar chonsain agus ar ghutaí, agus ar an chanúint féin, i mBéarla agus i nGaeilge. Nuair a thosaigh mé ag obair ar ais sa Tuaisceart arís in Ollscoil na Ríona, ghlac go leor daoine gur Dheisceartach mé.
Is mar sin a tharla san ospidéal chomh maith. Ach bhí mé ag castáil le daoine nua cuid mhaith den am san ospidéal, seachtain i ndiaidh seachtaine, mí i ndiaidh míosa. Bhí daoine ag iarraidh bheith sibhialta, ar ndóigh, ag iarraidh mé a chur ar mo shuaimhneas, nó ag iarraidh mo spion a mheas don taifead cliniciúil. Ach an té nár dhúirt ‘bhuel, cerb as thú féin?’ nó ‘cén saghas ainm é sin?’ a rá liom, b’shin an té a rinne suaimhneach mé. Dá gcluinfinn ‘Ainm, le do thoil?....caidé mar a litríonn tú é sin?...c’as a dtagann sé?...c’as a dtagann tusa?...cad tá a dhéanamh agat anseo...?’, dá gcluinfinn an liodán sin arís, phléascfainn! Agus an chuid a ba mheasa de ná ní raibh an dara suí agam. Bhí orm bheith i láthair do na coinní ar fad, don leigheas ar fad.
Nuuair a fuair mé an líne PICC isteach ba chosúil le píonós príosúntachta é, ná bhí an líne le glanadh gach seachtain ag banaltra pobail, i m’árasán. Bhí mé gafa chan amháin san ospidéal ach sa bhaile chomh maith. Ní raibh mórán sa saol agam ach labhairt le dochtúirí, altraí agus foireann riaracháin dhomhan an leighis. Agus gach duine acu, beagnach, ag déanamh iontais den bloody ainm.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.