Friday 30 April 2010

Barda an bháis

Cúpla lá i ndiaidh dom an PICC a fháil isteach, chonaic mé brach glas ag cruinniú an áit ar tháinig an líne amach as mo láimh. Scáirt mé ar an líne gutháin a thairg an t-ospidéal d’othair chaemo, sa chás go raibh éigeandáil nó buaireamh nó fadhb ann. D’iarr siad orm teacht isteach leis an líne a ghlanadh amach. Díreach. Ar a haon ar maidin (nach i lár oíche i gcónaí a dtagann an buaireamh chun cinn?). Suas chuig an Ionad Ailse mé, foirgneamh mór míofar nua ar champas na hotharlainne. Ba é seo mo chéad uair istigh ann.

Isteach liom go Barda a hAon, agus d’iarr siad orm fanacht cúpla lá, go dtí go mbeadh an brach glanta acu le frithbheathaigh tríd an IV. Bhí mo chorp ag troid in aghaidh an ruda choimhthígh seo.

Chuir siad ar an IV mé, ach níorbh ionann an tréimhse seo agus an tréimhse a chaith mé sa túr – na gnáthbhardaí th’eis dom díchíochú a fháil déanta. Bhí na bardaí anseo leathan, fairsing. Ní raibh ach ceathrar i ngach aon seomra. Bhí gach áis ann nua agus lonrach. Agus bhí ciúnas ann.

Ach san oíche….San oíche is mó a tháinig éadóchas chun tosaigh, snaidhmthe tríd an phian acu siúd a bhí ag streachailt le laethe deiridh a saoil. Bhí siad seo i dtaobhsheomraí aonaracha, agus gaolta cruinnithe thart orthu ina gcuideachta ag an dé deiridh. Roinnt gaolta, bhí siad socair, suaimhneach, ag druidim le deireadh dhuine a throid an galar le fada, duine a raibh suaimhneas tuillte acu. Roinnt gaolta, ní raibh aon ghlacadh acu leis an chinniúint áirithe seo, cé acu an raibh an duine a bhí ag fáil bháis go hóg, nó gur tháinig an galar aniar aduaidh ar an teaghlach.

Bhí an oíche lán geonaíl agus osnaíl, gol agus snag. Agus luigh mé ansin ar feadh mo chúpla oíche, le mo ghreamán nua glan a chlúdaigh mo PhICC, lán chaemo ach folláin go leor i measc an bháis.

I rith an lae, bhí an áit lán grinn agus lúcháire. Bhí mná ann a d’fhan ann Luan go hAoine don raidaiteiripe. Bhí fáthanna sláinte gur san ospidéal a d’fhan siad, nó bhí foirgneamh mór taobh linn, seanárasáin do bhanaltraí, dhá leaba i ngach aon seomra agus cistin ar gach urlár. De ghnáth, má bhí tú ido chónaí i bhfad ó Bhéal Feirste, d’fhan tú ann agus spás ann do pháirtí nó do chara bheith leat.

Ach bhí Veronica taobh liom ar an bharda, mar shampla. Níl a fhios agam cé mhéad piolla a d’ith sí gach lá, ach tá mé cinnte gur mó piollaí ná bia a shlog sí gach lá. Ar chúiseanna sláinte, tháinig Veronica isteach gach Luan agus d’fhan sí go dtí an Aoine. Ag clamhsán i rith an ama.

D’fhan Maggie mar an gcéanna, ach ar chúiseanna sóisialta. Bhí sí thar seachtó bliain d’aois, agus chónaigh sí léi féin cúpla míle taobh amuigh d’Inis Ceithleann. Mar go raibh sí léi féin, d’fhan sí ar an bharda. Chronaigh sí a madadh go mór. Ba ghnáth leo siúl isteach go hInis Ceithleann gach lá fá choinne bainne agus an nuachtán, agus amach leo ag siúl abhaile arís. Gach aon lá. Agus gach maidin, nuair a bhí sí gléasta, a wig uirthi agus bricfeasta déanta, shuigh sí síos le leabhar beag urnaí agus b’shin í sásta don mhaidin.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.