Tuesday, 4 May 2010

An cainteoir dúchais

Bhuel, bhí mé anseo san ospidéal i mBaile Átha Cliath. Rud darb ainm neodraipéine orm. Tig sé ort in amanna ar Doxitaxel. Imíonn aon chosaint a bhí ag do chorp in éadán baictéar, ar fad ar fad, mar thoradh ar na chaemo áirithe seo. Chiallaigh sé seo go raibh seomra domh féin de dhíth, mar bhí fiabhras orm agus cosaint íseal in aghaidh ionfhabhtuithe. Bhí brionglóidí aisteacha agam, ón teocht, agus seans go raibh corr-rámhaille uaim chomh maith. Nuair a dhruid mé na súile chonaic mé an seomra go fóill. Tríd mogaill na súl. Ag luascadh suas agus síos.

Agus an córas sláinte chomh maith is atá, chaith mé dhá lá ar thrallaí in taobhsheomra in A&E sula bhfuarthas seomra ceart domh. Seomra le fuinneog, agus aer fionnuar ag séideadh isteach, agus leaba. Sheer luxury, mar a deireadh Monty Python.

Tháinig an bhanaltra oíche isteach chugam an oíche sin. ‘A. Ní Chaomhánaigh’, de réir a suaitheantas. Bean chomh hóg le m’iníon féin.

‘Bhuel, bhuel, bhuel, what have we got here’, ar sí, ag breathnú ar m’ainm i nGaeilge, ‘well, I suppose they gave you to me because I can say your name!’, ag gáire. ‘Were you brought up with Irish or did you learn it?’ ag cromadh orm, dúshlán ina súile.

Agus d’fhéach mé ar an bheainín óg seo, lán dá stuaim féin, i mbun a ceirde. Ceithre mhála frithbheathach infhéitheacha le h-athrú ar an seastán aici, mé féin ceangailte don seastán, le beolaí chomh tirim, stróctha sin is nár fhéad mé labhairt i gceart, agus ba é an chéad rud ar a hintinn ná fáil amach cén saghas gaeilgeora mé…

‘d’fhoghlaim mé í’, arsa mise, ó bheola pianmhara.

‘Ah well, I was brought up with it so I know more than you’

Agus dhruid mé na súile. Bhí sí buartha faoin lámh in uachtar bheith aici, mar gur tógadh le Gaeilge í. Bhí mé ró-thuirseach agus ró-thinn le gáire a dhéanamh faoi seo, fiú. Bhí sé chomh tábhachtach sin is gurbh é an chéad cheist a chuir sí, agus bhí an Ghaeilge chomh tábhachtach sin is nach raibh sí sásta í a labhairt le duine ar bith nach raibh fiúntach a ndóthain. Níor bheatha teanga í a labhairt aici seo, cibé ar bith.

Chuir mé seachtain isteach léi, gach oíche. D’athraigh siad mo mhálaí frithbheathach trí huaire sa lá, agus ceithre mhála le cur ionam gach uair. Mhair an próiséas seo uair go leith i rith an lae, ach ar chúis éigin mhair sé trí huair a’ chloig na hoícheanta seo. Thosaíodh sí ar a haon déag san oíche. Isteach agus amach léi, ag lasadh agus ag múchadh an tsolais gach uair a d’athraíodh sí mála. Má bhí codladh uaim, ní raibh mé chun néal a fháil agus aingeal na Gaeilge ag seasamh an fhóid.

De réir mar a d’éirigh mé ní ba láidre, bhuail an greann mé. Bhí an cailín seo anseo ag diúltú Gaeilge a labhairt liom mar gur tógadh le Gaeilge í. Agus dar léi ní raibh mé maith go leor mar níor chainteoir dúchais mé. Íoróineach go leor, fuair mé amach gur fhreastail sí ar an scoil chéanna le mo chlann féin, clann a thóg mé le Gaeilge. Níor labhair siad focal Béarla ariamh liom go dtí an lá gur tháinig an duine is sine, m’iníon, abhaile óna chéad lá ar an scoil sin.

Sa deireadh, d’imigh sí agus tháinig banaltra eile oíche don dá oíche dheireanacha san ospidéal. Agus ghabh sí leithscéal nach raibh Gaeilge aici, nuair a chonaic sí an t-ainm. Agus fuair mé codladh na hoíche léi siúd i mbun na bhfrithbheathach.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.