Bhí mé ar an urlár in uachtar ar fad san fhoirgneamh i mBéal Feirste. Amach an fhuinneog tosaigh, bhí coláiste mhór Methody le feiceáil, nuaGhotach le páirceanna imeartha thart timpeall ar an teach. Amach an fhuinneog cúil, bhí gáirdíní cúil na sráide buailte linn, agus díonta Bhéal Feirste, agus gáirdín leanna phub na ndaoine óga, agus oifigí.
Agus faoileáin. Tá Béal Feirste lán faoileán. Agus anseo, imo nead beag ar bharr an tí, chuala mé agus chonaic mé iad uilig. Bhí deireadh seachtaine ann a chaith mé i mBaile Átha Cliath, agus nuair a phill mé ar mo nead beag, bhí cuach ann. Bhuel, ní cuach, ach faoileán a thit anuos an simléar agus nach raibh ábálta fáil amach arís. D’fhág sí bronntanais dúinn ar an tolg, agus ar an chairpéad, agus ar an chathaoir, agus sa seomra folctha, agus imo sheomra leapa…
Bhí sé breá suaimhneach ar bharr an tí, bunús an ama. Ach de réir mar a chuaigh na laethe thart, agus na seachtainí, agus na míonna, b’uaigneach an nead céanna in áit bheith ciúin. D’imigh daltaí Methody agus tháinig siad ar ais ag tús an fhómhair. D’imigh mic léinn na hollscoile agus tháinig siad ar ais go gleomhar ag tús an téarma. Agus mé in airde an tí i dtólamh, ag éisteacht leis an líon agus an trá i ngach lá agus i ngach séasúr.
Agus in amanna, i rith na dtréimhsí ciúnais, ba chosúla le cónair ná nead é an ait a raibh mé imo chónaí ann.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.