Réidh le scian, réidh le chaemo, beagnach réidh le radaiteiripe. Agus ansin thosaigh an lámh gan faireoga limfe a dh’at. D’éirigh na méara ramhar, ina n-ispíní beaga. Agus ní raibh mé in inmhe forc ná scian ná spúnóg a thógáil, ná mála a iompar, ná dorn a dhéanamh.
Limféidéime a bhí orm, bail a thagann ar go leor ban – agus fear a mbaintear na nódanna limfe amach ar chúis ailse. Níl aon bhealach amach ag an sreabhán limfeach a chothaíonn an corp sa lámh áirithe sin, agus cruinníonn sé ann. Is gá é a dhíbirt le fisiteiripe, le fisiteiripeoir ar dtús, agus ansin le cleachtadh féinréimis sa bhaile agat féin.
Tuigeann na fisiteiripeoirí a bhaineann le limfeidéime an bhail atá orainn. Fuair mé bindealú ar leith ar feadh sé seachtainí leis an at a laghdú. B’ionann le mumaí mé gach lá ar feadh na seachtainí sin. D’oibir stuif darb ainm ‘kinesiotape’ liom go mór – téip speisialta a bhogann an sreabhán níos tapúla ná na bindealáin leo féin.
Á scríobh an t-alt thuas, cuireann sé cuma shimplí ar an bhail seo. Ní hamhlaidh atá. I ndiaidh dul faoi lámh dhochtúirí ar feadh tamaill fhada, bhí mé traochta idir chorp agus intinn. Bhí mé ag súil le deireadh leighis agus sos beag ó lucht leighis. Ach síníodh an tréimhse , agus ní amháin go raibh cíoch in easnamh agam don chuid eile de mo shaol, ach bheadh gá le freastal ar fhisiteiripe go rialta don chuid eile de mo shaol. Bheadh réimeas leasa i bhfeidhm don chuid eile de mo shaol.
Bheadh deacrachtaí agus teorann agam leis an raon ruda a bhféadfainn a dhéanamh leis an lámh chlé don chuid eile de mo shaol.
Agus bheadh muinchille agus lámhainn mháinliach speisialta le caitheamh agam gach lá don chuid eile de mo shaol, maraon le bindealán gach oíche.
Bheadh comhartha feiceálach orm le cur i gcuimhne domh go raibh ailse orm don chuid eile de mo shaol, agus meabhrúchán soiléir do gach duine eile go raibh mé faoi mhíchumas, don chuid eile de mo shaol.
Tá dochtúirí fíoraineolach don chuid is mó ar limféidéime go fóill. Chuaigh mé chuig G.P. ag cuartú go gcuirfí chuig seirbhís fisiteiripe mé nuair a thosaigh an limféidéime ar dtús, ag míniú dó: 1. Bhí nódanna ar iarraidh. 2. Bhí na méara ag at. 3. Seans gur limféidéime a bhí ann. Chroith sé a cheann, ag rá go raibh mé meallta. Agus níor thagair sé aon chomhairle eile domh.
Ach go raibh na banaltraí cích ann ag an taobh eile den ghuthán bheinn san fhaopach ar fad ar fad, mar níor éist na dochtúirí liom.
Dar le G.P. eile, ní mhairfeadh an míchumas ach roinnt blianta mar go bhfeidhmeodh na nódanna eile ar dhóigh níos éifeachtaí taobh istigh de thréimhse, agus bheadh deireadh le mo chuid bindealán. Dar le dochtúir eile, d’imeodh an t-at i ndiaidh tamaill (…cá háit?). Agus mé ag trácht ar na comhairlí seo leis na fisiteirpeoirí san ionad ailse, bhí siad idir gol agus gáire. Ag déileáil leis an fhadhb gach lá, bhí a fhios acu nach bhfásfadh aon nódanna ar ais, nach ndéanfadh an corp athriocht ar shú an tsreabháin i bhfeidhm, ach go raibh réimeas bunúsach agus feiceálach romham gach lá agus oíche amach anseo don chuid eile de mo shaol.
Lymphoedema: Advice on Self-management and Treatment , Peter Mortimer, Jacquelyne Todd, agus Jenny Valentine. An leabhar is fearr agus is soiléire ar an toipic seo a fuair mé go dtí seo.
Agus focal buíochais do www.focal.ie don suíomh tearmaíochta atá acu. Bheinn caillte gan é.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.