Friday 4 February 2011

leabhar le láinseáil


Bhí an geimhreadh lán ulpóg, idir ulpóg na muc, gnáthulpóg agus ulpóg-gan-ainm. Ach anois teacht an earraigh agus táimid ag druidim le solas agus fás agus sláinte. Agus mar sháinchomhartha air seo, tá Coiscéim le mo leabhar a láinseáil! Tá an fhilíocht réidh agus in ord agus i gcló.

Buíochas ag dul do m'iníon, Siubhán Leannán Nic Fhionnlaoich, a dhear an clúdach. Tagann an íomhá ó sheanphictiúr foirmeálta a ghlac grianghrafadóir sna seascaidí díom. Is cuimhin liom go fóill an rí-rá agus an ruaille buaile an lá a tháinig sé lena threalamh ar fad (1964 - bhí scáth solais agus cúlra agus gach rud leis). Thóg sé grianghraf den chlann ar fad (Bríd i mbolg Mhaim go fóill!) agus grianghraif aonair de gach duine. Tagann an íomhá ón ghrianghraf aonair a ghlac sé díom nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. Leanbh óg soineanta folláin. Agus ar dhóigh, ba leanbh me i rith an turais, gan cumhacht gan údarás.

Cuirfidh mé sonraí láinseála in airde anseo chomh luath is a shocraíonn muintir Coiscéim (Fearghus agus Pádraig Ó Snodaigh) na dátaí. Fáilte romhaibh!

3 comments:

  1. Iontach! Ag dúil go mór leis, a chara...:-)

    ReplyDelete
  2. Go n-éirí leis agus leat. Is maith liom an íomhá.

    ReplyDelete
  3. comhgairdeas, ag tnúth go mór leis

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.