Tuesday 22 March 2011

Limféidéime

Bhí mé ag an dochtúir ar na mallaibh le mo chuid cógaisí a athrú ó Tamoxifen (hot flushes, sceadamán nimhneach i gcónaí, éirí níos ráimhre, pianta sna cosa, drochbhlas sa bhéal i rith an ama) go hExemastane (??? pianta sna cosa, ach cá bhfios cad eile. Beidh fadhb agam leis an mheácan, cinnte , mar gur stéaróideach atá ann.)

Bhí sí ag dul tríd na nótaí agus ar sí, 'ó, agus an limféidéime, caidé mar atá sí ag teacht ar aghaidh?'
'OK,' arsa mise.
'Just ok?' ar sí

Bhain sé geit asam. Ní ulpóg ná slaghdán ná triúch ná aon rud eile a d'imeodh le linn ama a bhí ann. Is rud í a bheadh agam i gcónaí. Láimhseáil atá i gceist, ní biseach.

Ach bhí sí óg, mar dhochtúir. Agus lig me di.
'Ar nós diaibéiteas mo mháthara, a dhochtúir, beidh sí agam i gcónaí. Tá glacadh agam leis sin' arsa mé.

Agus caithfidh mé glacadh leis. Bhí me ag cuartú eolais don Exemastane agus chuaigh mé go fóraim Amoena. Tá catalóg ann d'fho-éadaí do mhná a raibh díchíochú acu, ach sna fóraim tá eolas ar eispéireas na mban sa reimse seo. Is catalóg ar an éadóchas é, cuid mhaith de, agus bí cúramach má théann tú a léamh. Léigh idir na línte - an é an t-éadóchas atá ag cruthú na faidhbe nó an leigheas? Ach tá eolas ann nach bhfaighidh tú ar an bhileog eolais sa bhosca cógaisí. Úsáideach.

Níl an t-éadóchas céanna orm féin, in ainneoin is go bhfuil mo chorp tugtha don dúlagar. Ní bhaineann an ceann amháin leis an cheann eile. Agus tá fear cineálta agam.

Ach bím cúramach agus mé ag surfáil. Tá deora go fras amuigh ansin, agus ní gá do chuid féin a chur leo.




1 comment:

  1. @ 'Agus tá fear cineálta agam.'

    Is rud é sin a chuidíonn go mór...:-)

    Go raibh maith agat, a Réaltán. Cuireann d'easpa éadóchais go mór le mo dhóchas, agus le mo lá, féin. Nár laga do Ché thú!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.