Bhí dearmad déanta agam go dtí aréir sa Ramada ar an iliomad daoine a mbuaileann ailse cnag ar a ndoras-sa. Bhí suas le céad duine ansin, grúpaí a bhailíonn airgead d'Action Cancer ar feadh an ama. Bhí ailse orthu siúd nó ar dhuine gaolta leo ag pointe amháin nó ag pointe eile. Scanrúil.
Bhí mé féin ansin mar 'service user' (yuk - cé a smaoinigh air sin mar theideal). Thosaigh mé ag inse mo scéil díreach, gan frills ar bith. Ach ag féachaint ar na haghaidheanna ar fad ansin amach romham, dúirt rud éigin liom tuin a athrú. Bhí muid uilig ag deireadh na hoíche, i ndiaidh staitisticí, óráidí ó chathaoirligh agus eile. Bhí na tónacha tinn faoin am seo. So thosaigh mé ar scéal na ngruagairí, ar leag mé mo lámh ar a mbrollachsa. Ah yes, ní bhfaighidh mé cuireadh ó na mná rialta dul a chaint leo siúd ina dhiaidh sin....
Ach bhris an gáire amach (wú-hú!) agus dhruid mé mo bhéal go gairid ina dhiaidh sin, agus chuaigh muid amach go dtí an tae agus na ceapairí.
Thaitin scéal na ngruagairí, agus an scéal thuas, go mór liom. Nár laga do Ché do ghreannmhaireacht, a chara...:-)
ReplyDelete