Friday 13 May 2011

dhá bhainis, tórramh agus baisteadh

Bhí mé ag trácht ar an deireadh seachtaine atá romham an dá lá atá le theacht le cara inniu. Ag gearáin. Mar tá dhá bhainis againn le freastal orthu. Ceann Dé Sathairn agus ceann eile ar an Domhnach. Bhuel, is fulacht faoin aer agus foinn atá ann ar Domhnach, i ndáiríre. Beidh an bhainis féin ar siúl ar an Satharn chomh maith. Ach níl aon tardis againn leis an dá bhainis a fhreastal.

'Agus nach tuirsiúil an deireadh seachtaine sin agaibh, ná beidh sibh gafa le comhrá le daoine nach bhfaca sibh le fada' a dúirt mo chara-sa.
'Ní hé', i ndairíre. 'chonaic muid beagnach gach duine seachtain ó shin ag Aifreann cuimhneacháin míosa m'athair cleamhnais. Agus chonaic muid a chéile ag an tórramh mí roimhe sin, agus an lá roimhe sin nuair a d'aistrigh siad an corp go dtí an seipéal. Táimid beo, dlúth, ar scáth a chéile le tamall anuas. Is beag an seans go mbeidh aon duine nua ar na bainseacha le nuacht a chur sa scéal!'

'Agus an baisteadh?'
'Arra, cara le mo mhac a raibh páiste aige siúd agus ag a phairtnéar. D'iarr siad ar an mhac céanna bheith ina athair baistí ar an leanbh. É ina shuí ag ceann an tseipéil go stuama. Mór an gar nár thosaigh a chloigeann ag casadh timpeall 360 céim ar bharr a dhroma, an t-aindiachaí is tréine in Éirinn.'



1 comment:

  1. @ Mór an gar nár thosaigh a chloigeann ag casadh timpeall 360 céim ar bharr a dhroma,

    ASG!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.