Monday 4 July 2011

Íomhá an leabhair

Bhí mé istigh in Ospidéal na Cathrach ar maidin - mamagram eile - agus chuir sé me ag smaoineamh ar cheist a chuir cara orm. Cén fáth ar roghnaigh tú an íomhá áirithe atá agat don leabhar? Mhínigh mé di ag an am gur grianghraf a bhí ann a tógadh nuair a bhí mé ceithre bliana d'aois. Rinne an iníon (Siubhán, ealaíontóir...), rinne sí íomhá de le peann luaidhe ar dtús agus ansin le péint.

Ach istigh sa seomra feithimh san ospidéal ar maidin dom, thuig mé cén fáth ar roghnaigh mé pictiúr díom féin, chomh hóg sin. Bhí mé soineanta. Agus sa seomra feithimh ar maidin bhí cailín - agus cailín a bhí inti - ag fanacht ar a mamagram féin. Ag féachaint uirthi chonaic mé na comharthaí ar fad a d'inis dom go raibh an bhean óg seo (22, 23?) i ndiaidh dul tríd an chóras agus an leigheas. Bhi gruaig ghearr uirthi gan chaoi, agus caipín baseball. Agus bhí rud éigin ina dreach - easpa eagla, nó suaimhneas éigin inti - a d'inis dom go raibh sí ar an taobh eile den chomhrac ag an phointe seo.

Agus d'fhéach mé uirthi arís. Bean óg, an soineantacht a bhain lena haois féin, an dóchas agus an pléisiúr sa saol - loite.

Agus smaoinigh mé ar m'íomha féin. B'shin an fáth ar roghnaigh mé é. Nuair a bhuaileann ailse thú, imíonn an soineantacht. Bíonn tú ar nós páiste, ar ndóigh, aineolach faoin chóras agus fulangach faoi na daoine éagsúla a thagann isteach i do shaol tamall, gan cumhacht, gan neamhspleáchas. Fanann tú ar threoir ó na saineolaithe, agus leanann tú a gcomhairle, mar is páiste thú i ndomhain seo an leighis.

Agus bristear do shoineantacht agus ní thagann sí ar ais. Choíche.

3 comments:

  1. Go raibh maith agat, a Réaltán, as na smaointe sin a roinnt linn. Ábhar machnaimh dom, a chara...:-)

    An 'géilleadh' atá i gceist leis an 'suaimhneas' sin a luaigh tú, meas tú, nó rud éigin eile?

    ReplyDelete
  2. Ní géilleadh atá ann, a Áine, ach eolas. Bíonn dhá shaghas ban ina suí sa seomra sin. Iad siúd ag tús an aistir, imníoch, eaglach. Agus iad siúd agus an turas déanta acu, eolach agus suaimhneach ón am atá curtha isteach acu.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.