Thursday 7 July 2011

Réalteolaíocht


ó bhlag a bhí ag Rámhaille, agus mar go bhfuil an  iníon ag smaoineamh ar dhul go dtí an Choiré,  tháinig mé ar an phíosa anseo. Ag trácht ar réaltaí.

Ach ní bhfuair mé m'ainm mar gheall ar réalteolaíocht nó mar gheall ar ardnósachas aisteach de chuid na seascaidí. Fuair mé an t-ainm mar gur rugadh ar lá pátrúnachta de chuid Mhuire mé, agus bhí mo mháthair an-deabhóideach.
 Muire...réalt na mara...Réaltán. Agus nach orm an t-ádh nach Immaculata ná Concepta a fuair mé an lá céanna.

5 comments:

  1. Tá. Nó Airc Dáibhí! Nó soitheach ór, nó ....

    Ach is ainm deas & íomhá deas Muire, Réalta na Mara (& na maidine, cé nach réalta ach pláinéid atá i gceist leis sin)

    ReplyDelete
  2. An féidir leat samhailt cén sórt duine a bheifeá,dá mbeifeá i do Choncepta!

    ReplyDelete
  3. @ Agus nach orm an t-ádh nach Immaculata ná Concepta a fuair mé an lá céanna.

    Nach ort, go deimhin!

    Tá blag Róislín iontach suimiúil i gcónaí.

    An bhfaca tú an focal 'réaltóireacht' sa mhír sin uaithi -'star-gazing, which also means “mental confusion” and “absent-mindedness.”' - teideal iontach é 'Réaltóireacht' do bhlag éigin, cheap mé féin...;-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.