Wednesday 17 August 2011

Bindealú, Lá 3



Bhí mé ag cuartú íomhá den sean prefab ina bhfuil an rannóg fisiteiripe in Ospidéal San Shéamuis, ach níl a leithéid ann. Tá íomhá ann den seanséipéal taobh leis, ach níl teacht ar íomhá réadúil den áit féin.

Lá 3. Tuirsiúil!




Ar ábhar eile ar fad, bhí an fisiteiripeoir ag trácht ar bhean a bhíonn istigh aige atá 92. Aisteoir is ea í, a bhí ina 'réalt' agus í óg, sna 'Little Rascals'. Bhí aithne aici ar Oliver Hardy agus Stan Laurel, agus déanann sí taisteal go fóill go Fleadhanna Scannánaíochta ar an Mhór-Roinn, léi féin!

3 comments:

  1. Cé acu í sa phictiúir?

    Sin sprioc duit anois, a bheith ag Spáinníseoireacht agus tú 92.

    ReplyDelete
  2. Jean Darling is ainm di, mar dhuine de na 'Little Rascals'. Tháinig sí go Baile Átha Cliath agus bhain sí saol amach mar iriseoir.

    http://sunseven.hubpages.com/hub/Jean-Darling-of-Our-Gang

    ReplyDelete
  3. fair play di ach fair play duitse freisin!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.