Tuesday 2 August 2011

Fanaimis, ag análú i rith an ama

Leanann an saol leis. Agus leanann mo chorp ag comhrac liom. Dá mbeinn beo sa mheánaois...bhuel, ní bheinn beo ag an phointe seo, ar ndóigh. Dóite i mo chailleach, cinnte, nó feoite ag an ailse. Ach tá mé beo inniu. Agus tá clamhsán nua agam. Ailse...limféidéime...histireachtóime... dúlagar (ón Tamoxifen)...bearna charpach (ón Aromasin)... agus anois, sa mhullach air sin, diaibéiteas. Chuir an dochtúir teaghlaigh nóta chuig an chlinic diaibéitis cúpla seachtain ó shin chun go gcuirfidh siad fios orm. Fanaimis, ag análú linn i rith an ama.

Ach anois, cúis áthais (?). Tá mé i ndiaidh coinne ospidéil a fháil do St. James's anseo i mBaile Átha Cliath, do Mheán Fómhair. Tá sé chomh fada sin ó d'iarr mé é nach cuimhin liom cad chuige é. I ndáiríre. Amharc ar an liosta thuas. Rachaidh mé ann, ar ndóigh, agus beidh sé mar 'Magical Mystery Tour' domh ar an lá...

'Dia dhuit, a bhean uasail.'
'Mor is Muire dhuit, a dhochtúir shaibhir'
'Bhuel anois, an féidir leat a inse domh cad tá ag cur isteach ort'
Ní féidir, a dhochtúit'
'Ó?'
'An dtuigeann tú, is saindochtúir thú i réimse an-bheag ar fad ar fad, agus ní fiú domh dul síos tríd mo liosta go dtí go n-insíonn tusa domhsa cén réimse atá agat. D'iarr mé an coinne seo níos mó ná dhá bhliain ó shin, is dóigh liom...ach níl mé cinnte. Agus tá mo chorp chomh casta sin i láthair na huaire go bhféadfá bheith i do speisialtóir ar thrí rud éagsúil ar a laghad.'

Tchífimid. Watch this space. Ach bí ag análú. Beidh sé tamall fada sula dtagann a n t-ospidéal chugam le coinne don diaibéiteas, tá mé ag déanamh. Mí Iúil 2011 anois....

1 comment:

  1. Táim cinnte go mbeadh tú dóite i do chailleach sna meánaoiseanna :)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.