Friday 16 December 2011

An Nollaig

Christopher Hitchens

Bhí an t-am ann go mbíodh an Nollaig simplí go leor. Déanamh réidh ar feadh tréimhse roimh ré agus airneál agus cuartaíocht ar na laethe cuí. Idir Oíche Nollag agus Nollaig na mBan.

Tá an saol níos casta agus súil níos géire leis an Nollaig anois, áfach. Is deacair an súil sin a shásamh sa ghnáthshlí, cibé ar bith. Féiríní is bronntanais, daoine ag teacht is ag imeacht, imircigh sa bhaile ag iarraidh gach duine a fheiceáil, agus deoch agus bia á réiteach agus á ithe agus á ól. Agus sonas agus suaimhneas ar gach duine.

Ach le cúpla lá anuas tá ceathrar duine éagsúil i ndiaidh a inse domh go bhfuil drochnuacht (ailse nach leigheasfar) ag gaolta nó ag cairde leo. Agus is deacair drochnuacht a thabhairt leat ag an am seo bliana, nuair atá aird an phobail dírithe ar bhealach eile ar fad.

Chonaic mé an píosa seo ar maidin in Facebook. Is agallamh a rinne scríbhneoir Sasanach, Christopher Hitchens, leis an iriseoir Jeremy Paxman nuair a fuair sé amach nach leigheasfaí an galar istigh ann. Tá sé marbh anois.

 Níl mórán eile gur féidir liom a thairiscint do dhaoine a chluineann an nuacht seo, ag aon am. Ach barróg agus caint agus am i gcomhluadar dhaoine eile agus tréimhsí eile leat féin. Bí leithleasach.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.