Wednesday 14 December 2011

snámh


Thaitin snámh ariamh liom. Agus nuair a chuaigh mé faoi scian shíl mé go nglacfainn tamall roimh dhul amach go poiblí arís i gculaith shnámha. Ach ar ndóigh, bíonn an spiorad daonna níos láidre ná a shíleann muid, in amanna. Bhí mé chomh buartha sin nach raibh mé ag déanamh dóthain aclaíochta gur shleamhnaigh mé ar ais sa linn snámha taobh istigh d'achar gearr.

An rud a ba mhó a chuir isteach orm, ar ndóigh, ná mise mé féin. Ag déanamh go mbeadh daoine ag stánadh orm - níl mórán áit le easpa cíche a cheilt i gculaith shnámha. Ar ndóigh, sa deireadh, ghéill mé, agus in áit dul isteach gan aon bhall breise le cur i gcéill go raibh mé ar nós gach bean eile, chuaigh mé isteach ar leataobh. Nár chuma, ar scor ar bith, agus tú san uisce?

Rinne mé dearmad ar cé chomh neirbhíseach is a bhí mé go dtí go bhfuair mé eagrán an ráithe seo d'Amoena. Iris í Amoena a chuireann déantóirí bhréagchíocha agus chultacha snámha agus fo-éadaí do mhná ar aon chíoch, nó gan aon chíoch ar chor ar bith. Ach chomh maith leis na héadaí  a dhíol, cuireann siad an iris ar fáil go rialta agus saor in aisce, iris a thug ardú anama domh féin go minic agus mé ag dul trí chéimeanna éagsúla an leighis don ailse. Agus soláthraíonn siad fóraim éagsúla comhrá ar líne do mhná a bhfuil nó a raibh ailse orthu. D'fhoghlaim mé níos mó ó na fóraim sin ná ó aon dochtúir.

In iris Amoena a tháinig isteach an doras an lá eile, tá bean ann ag míniú faoin fhaitíos a mhothaíonn sí sa seomra feistis. Tuigim di, ach tuigim nach fiú bheith buartha faoi rud nach dtarlaíonn. Ní bhíonn ach fíorchorrdhuine ag stánadh orm sa seomra feistis, agus cuid den am cuireann na mná seo ceist orm faoi cad a tharla, gan dochar gan mhailís. Agus insím daofa, ar an dóigh céanna.

Don chuid eile de do shaol, má bhí ailse cíche ort... Déan neamhaird den obair tí. Gabh amach. Ceannaigh culaith shnámha agus been-a-boob (is breá liom an teideal sin!) ó Amoena nó ó Nicola Jane.

Agus téigh ag snámh....

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.