Tuesday 6 December 2011

Raidió pobail


Raidió na Life ag cuartú daoine breise leis an obair a roinnt. Raidió pobail atá ann anseo i mBaile Átha Cliath, spleách ar oibrithe deonacha. Chonaic mé fógra ar Facebook uathu cúpla seachtain ó shin agus roinn mé é. Ansin, dar liom, 'cuir do chuid ama an áit a bhfuil do bhéal ann'. Agus anois tá mé ag déanamh píosa beag bídeach gach dara seachtain daofa. Má tá duine ar bith gur spéis leo comhoibriú liom (plé ar na blaganna Gaeilge agus an méid atá faoi chaibidil acu), téadh sibh i dteagmháil liom. realtan ag hotmail ponc com.Nó má tá sibh ag iarraidh píosa de bhur gcuid féin a dhéanamh déantar teagmháil leo siúd.  Tá mé féin rud beag sean i gcomparáid leis an chuid is mó den fhoireann atá ag obair ann - agus nach iontach é sin, an oiread sin daoine óga ag obair i meitheal Gaeilge!

086 600 1064...


3 comments:

  1. Oibrím ann freisin. Déanaim cúpla agallaimh gach seachtain. Téann siad amach ar "Beo ag a 2", "Fios Feasa" agus/nó "Tuairisc". Feicfidh mé thú ansin am éigin! Bím istigh ar trathnóna Dé Chéadaoin nó Déardaoin.

    ReplyDelete
  2. maith thú, a Darren. Bím istigh fíorchorruair go feolach ach beidh mé ag coinneáil súil amach duit.

    Agus Dennis...tá tú luaite cheana. Is breá lim An Triar Manach mar ríomhleabhar le híomhánna. Coinnigh ort leis an dea-obair.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.