Tá cara liom a chaill gaol ar na mallaibh. Scríobh mé píosa fada mar gheall ar an tarlúint sin ach i ndeireadh na dála níl gá leis na focail. Bíonn amanna ann nach n-oibríonn siad aon draíocht.
A chara, seo mo bharróg duitse. Tá nath cainte ag na Spáinnigh ar ghnáth leo a chur ina litreacha foirmeálta go dtí le deireanas - 'tá mé ag do chosa'. Ciallaíonn sé, aon rud gur féidir liom a dhéanamh duit, déanfaidh. Beidh mé ag do chosa duit, a chara dhíl, beidh mé ar fáil le barróga, agus beidh mo chroí i gcomhbhá le do chroí bhrúite, bhriste chomh fada is a bheas mé ann. Tabhair aire.
Nath iontach, smaoineamh iontach. Beagán focail ach a rá go maith an rud is fear i gcás mar é. Agus comhbhá.
ReplyDeleteSin smaoineamh galánta a bheir an seansaol chun cuimhne domh ... An t-am a mbíodh daoine ag coimheád amach dá chéile in am an ghatáir agus a mbíodh an pobal uilig mar "theaghlach" agat !
ReplyDeleteNath iontach deas ar fad !
“Táim faoi do réir” an Ghaeilge a chuirfinn ar “estoy a sus pies”.
ReplyDelete