Saturday 28 January 2012

ag fanacht



Scríobh mé fá chara a chaill gaol ar na mallaibh. Tá cara eile ag fáil bháis í féin i láthair na huaire, agus faoin am a léann cuid mhór daoine an post seo beidh an cara sin marbh. Ailse, mar a tharlaíonn. Nó mar a deirtear sna meáin, 'tinneas fada'. Nach breá na focail seo gan bhrí.

Tchím daoine ag amharc i mo threo ag amanna mar seo. Ag smaoineamh. Ag fanacht.

Agus an tseachtain seo, sula bhfuair mé amach go raibh an cara seo i mbéal an bháis, thug mé fógra isteach ar an phost atá agam. Agus chonaic mé na súile ag díriú orm, ag faire. Ach go bhfios domh, is mó an seans agam féin bás a fháil trí bhus mo leagadh ná tríd an ailse. Ach amharcann daoine. Agus fanann daoine.

Ceithre lá i ndiaidh domh an fógra a thabhairt, fuair mé amach nach raibh ach roinnt lá fágtha ag an chara. Go raibh na laethe sin gan phian, gan mhíchompord, a Mharia Nic Lochlainn. Bhí tú ariamh séimh, gealgháireach. Go raibh cuimhní ag daoine  orm féin i ndiaidh mo bháis féin - fiche mí nó fiche bliain as seo - is atá agam féin ortsa chomh geal céanna.

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.