Thursday 2 February 2012

Bríd agus Blaise

San Blas, Dubrovnik, An Chróit
Thosaigh seo ar fad le ríomhphost ó sheiplíneach in DCU, Joe Jones. Beidh lámha leagtha ar sceadamáin inniu, mar gur inniu Lá Blas (nó Blaise - ní raibh mé in ann theacht ar leagan Gaeilge den ainm ar an idirlíon). Is  léir gur éarlamh ar dhrochsceadamáin é Naomh Blas. Agus tá drochsceadamán agam le tamall. Mar sin de, ainneoin is nach gcreidim ann a bheag ná a mhór, tógadh leis na naoimh mé, agus cuirim spéis ina leithéid agus is breá liom na scéalta. Agus tá mé i ndiaidh roinnt ábhair a chur in airde ar 'Fiche Cluiche' mar gheall ar Bhríd mar bhandia na nGael.

Agus nuair a chuartaigh mé leagan Gaeilge den ainm 'Blaise' níor tháinig mé ar 'Blas' sa Spáinnis. Agus tá 'San Blas' go coitianta ní amháin sa Spáinn, ach ar fud na hEorpa chomh maith, is cosúil. Cuirtear síos ar fhleadh a mhaireann seachtain in Valencia na Spáinne in onóir San Blas an tseachtain seo, ach ní aon iontas é sin. Muide na Gaeil amháin a shiúlann isteach san Earrach faoi smúid ag an Charghas - 'Carnaval' agus 'Fallas' agus 'Feria' agus 'Fiesta' a bhíonn ag gach duine eile! No fair!

Cibé ar bith, le linn mo chuid surfála ar an idirlíon tháinig mé ar an phaidir (liodán?) seo do Bhríd, i nGáidhlig na hAlbain. Chuir mé Gaeilge ar an leagan Béarla - ach beidh scoláirí Gáidhlige in ann leagan níos críochnúla a chur i bhfeidhm. Is féidir theacht air agus ar na scéalta a ghabhann leis Anseo  agus leagan thíos chomh maith.


Impí ar Bhríd, ó Albain

Brighid nighean Dùghaill Duinn 
‘Ic Aoidh ‘ic Cuinn ‘ic 
Criara ‘ic Caibre ‘ic Cais ‘ic 
Carmaic ‘ic Cartaich ‘ic Cuinn

Brighde nam brat, 
Brighde na brig, 
Brighde nan cleachd, 
Brighde na frìth. 

Brighde nan gealachos, 
Brighde na bìth, 
Brighde nan gealaphos, 
Brighde na nì. 

Brighde bean chomainn, 
Brighde na brig, 
Brighde bean chobhair, 
Brighde bean mhìn. 

Brighde ciabh Moire, 
Brighde Moime Chrìosd, - 
Gach latha agus gach oidhche 
Nì mi Sloinntearachd na Brighd, 

Cha mharbhar mi 
Cha ghuinear mi, 
Cha charachar mi, 
Cha ghonar mi, 
Cha spaltar mi, 
Cha spùillear mi, 
Cha saltrar mi, 
Cha rùisgear mi, 
Cha reubar mi, 
Cha mhó dh’fhàgas 
Crìosd an dearmad mi. 

Cha loisg grian mi, 
Cha loisg teine mi, 
Cha loisg ial mi, 
Cha loisg gile mi. 

Cha bhàth uisge mi, 
Cha bhàth sàla mi, 
Cha bhàth lighe mi, 
Cha bhàth burn mi. 

Cha laigh bruaill-brì orm, 
Cha laigh suan-dubh orm, 
Cha laigh druaill-drì orm, 
Cha laigh luaths-luis orm. 

Tha mi for chomraig 
Mo Naomh  Moire; 
‘S I mo chaombh chomainn 
Brighde. 
Brighid iníón Dùghaill Duinn 
‘Ic Aoidh ‘ic Cuinn ‘ic 
Criara ‘ic Caibre ‘ic Cais ‘ic 
Carmaic ‘ic Cartaich ‘ic Cuinn

Brighid na mbrat, 
Brighid na cruaiche móna, 
Brighid na gruaige cataí, 
Brighid na n-orthaí. 

Brighid na gcosa geala, 
Brighid na cailme, 
Brighid na mbosa geala, 
Brighid na gcine. 

Brighid, banchara, 
Brighid na cruaiche móna, 
Brighid, bean chabhair, 
Brighid, bean mhín. 

Brighid, folt Mhuire, 
Brighid, Máthair Chríost, 
Gach lá agus gach oíche
Déarfaidh mé Liodán Brighide, 

Cha mharaítear mé, 
Cha ghontar mé 
Cha chimítear mé, 
Cha shátar orm, 
Cha scoiltear mé, 
Chan éignítear mé 
Cha ndéantar satail orm 
Cha nochtar mé, 
Cha réabtar mé 
Cha ndéanann Críost dearmad orm 

Cha loisceann grian mé,
Cha loisceann tine mé, 
Cha loisceann léas mé,
Cha loisceann gealach mé .

Cha bhánn uisce milis mé, 
Cha bhánn sáil mé, 
Cha bhánn tuile mé, 
Cha bhánn abhainn mé.

Cha luíonn tromluí orm, 
Cha luíonn suan dubh orm 
Cha luíonn suan draíochta orm ,
Cha luíonn “ Luaths-luis” orm

Tá mé faoi chumhdach
Mo Mhuire, 
Is í mo chaomhchumann,  
Brighid.
Carmina Gadelica, Volume III, le Alexander Carmichael 

Agus tá leagan deas den amhrán 'Gabhaim molta Bhríde' ar fáil ar YouTube (ANSEO)

3 comments:

  1. Ana dheas.

    Bíonn Carnabhal (Carne Vale, slán leis an fheoil) ar fud an Mór Roinne, ach is roimh tréimhse troscadh (Carghas & Aidbhint) a bhíonn.

    Maidir leis an liodán
    Nach é an modh fhoshuiteach seachas an gnáth láithreach a bheadh i gceist?

    ReplyDelete
  2. ní raibh mé cinnte fá sin. is 'fáistineach' atá ann leis an 'cha', ach go n-úsáidtear an fhoirm láithreach le 'cha' chun aimsir fháistineach a chur in iúl. Níl go leor Gáidhlige agam (níl Gáidhlig ar bith agam, i ndáiríre!) le déanmh amach an foshuiteach a bhí ann, níor rith sé sin liom, agus ghlac mé fur fáistineach shimplí a bhí ann. Gáidhligeoir de dhíth!

    Carne vale! Déarfaidh mé leis an iníon é - tá sí ag gabháil chuig Carnaval Cádiz roimh i bhfad.

    ReplyDelete
  3. Is breá liom scrínte beaga cois bóthair mar sin!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.