Monday 13 February 2012

Lá 'le Vailintín


Tá Lá 'le Vailintín ann amárach. Agus coiníní agam mar íomhá, atá tagtha aníos againn go hearráideach in áit na ngiorriacha. Giorriacha an Earraigh, an fhliúirse, na gnéasúlachta, na draíochta. Agus chuir an eaglais Chríostaí easpag aontumhach ina n-áit siúd arís. B'fhearr liom na giorriacha.

Agus  bheinn ag inse bréaga muna n-abróinn go bhfuil mé ag súil le seacláid ar an lá féin...

1 comment:

  1. @ Agus bheinn ag inse bréaga muna n-abróinn go bhfuil mé ag súil le seacláid ar an lá féin...

    Súil agam go bhfuair tú iad..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.