Monday 12 March 2012

Lá 'le Pádraig

Nuair a bhí mé thall sa Spáinn ar na mallaibh thug múinteoir ón bhaile ann cuireadh domh gabháil isteach ina rang Béarla agus labhairt leis na leáids. Fir agus mná óga a bhí ann, idir 18-25 bliana d'aois, iad uilig ag iarraidh teastas bunúsach a bhaint amach sa scolaíocht ghinearálta. Bhí siad go hálainn.

Tháinig an comhrá thart go Lá 'le Pádraig. Bíodh is gur beagán Béarla a bhí acu, thuig siad ar an toirt cad a bhí idir lámha againn. Rinne siad mím ar ól pionta agus titim thart ólta. Agus sin an clú atá orainn i mbaile beag bídeach iargúlta i ndeisceart na Spáinne. Thaispeáin mé an píosa sin thuas don rang ar an chlár bhán idirghníomhach agus níor chuir sé iontas orthu, ach chuir sé scanradh.





Ar an taobh eile den scéal, áfach, chuir duine acu ceist orm ar thaitin flamenco liom. Mar a tharla, bhí mé istigh ag cultúrlann flamenco i Sevilla an deireadh seachtaine sin a bhí thart. Eispéireas as an ghnáth a bhí ann. Patio (gáirdín oscailte don spéir)  i lár tí mhóir i gcroílár na cathrach, líonta le Spáinnigh agus neamhSpáinnigh araon. Spáinnigh ag olé-áil leo ag damhsóir a bhí tíriúil, pearsanta ar dhóigh nach bhfaca mé ar aon scannán, léirithe sa Spáinn nó eile. Agus ceol - canto - a chuaigh go croí.
Bhí mé in ann a rá leis an rang go raibh mé ann, agus las a n-aghaidheanna le bród. Agus ansin bhí mé in ann físeán eile a chur in airde ar an chlár bhán, agus chuir sé iontas orthu na cosúlachtaí idir an dá stíl.



Agus rinne siad dearmad ar na tíortha beannaithe i mBéal Feirste Lá 'le Pádraig.

3 comments:

  1. Patio (gáirdín oscailte don spéir)

    Cén fáth ar aistrigh sí “patio” go Béarla, a dúirt mé liom féin. Nach focal Béarla é? Ach ansin thuig mé nach ionann Béarla Chalifornia agus Béarla na hÉireann i gcónaí. Agus in Hawaii, ní “patio” atá acu ach “lanai”. Is féidir gur “grianán” an focal Gaeilge is gaire do “lanai”, dála an scéil: a veranda or roofed patio.

    ReplyDelete
  2. 'patio' i Spáinnis na Spáinne = clós oscailte gan díon i gcroílár an tí. Bhí sé ar dóigh, an ceol, solas an tráthnóna agus an spéir os ár gcionn.
    veranda sa Spáinn = ardán beag oscailte chun suí síos ann, le fuinneog mhór mar dhoras, ar urlár uachtarach an tí nó ar dhíon an tí.
    lanai - ba mhaith liom dul go Hawaii le fáil amach mé féin!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.